Comment & Analysis
Eagarfhocal
Sep 11, 2016

Ní Féidir le Coláiste na Tríonóide a uaillmhian a Theorannú, Cé nach Sáraítear an Ghéarchéim

Tá infheistíocht i sár-thaighde deacair gan airgead, ach sin an meán is fearr chun an argóint maoinithe a bhuachan

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Cheiliúir Staidéar Fadaimseartha ar Aosú in Éirinn (SFAÉ), atá suite i gColáiste na Tríonóide, deich mbliana tar éis a bhunaithe an tseachtain seo. Dé Luain shonraigh an Institiúid na hEolaíochta Bithleighis (IEB), a d’oscail nuair a bhí an cúlú faoi lánseol, a cothrom cúig bhliana. Agus é ag déanamh tráchta ar chomhthéacs mí-ámharaí a hoscailte, dúirt an Propast, Patrick Prendergast, gur “chruthaigh sí bród agus sceitmíní náisiúnta nuair a bhí siad ag teastáil go mór.”

Is é sin an sceitmíní atá á ghiniúint ag sár-thaighde Choláiste na Tríonóide. Ó thaighde ar thús cadhnaíochta IEB go hInstitiúid Sláinte Inchinne Domhanda a d’oscail i mí na Samhna. Ní raibh stad curtha le forbairt Choláiste na Tríonóide le linn nó tar éis an chúlaithe sa bhliain 2011. Ta sé sin inmholta. Agus maoiniú taighde ag dul in éag, bheadh sé that a bheith éasca do Choláiste na Tríonóide dearmad a dhéanamh ar a uaillmhianta

Ach, gan críoch leis an ngéarchéim maoinithe san ardoideachas, ní raibh rogha ag coláiste na Tríonóide. Bhí air dul ar aghaidh ag leathnú. Is í sin firthchosúlacht a bhfuil aitheanta le fada ag Coláiste na Tríonóide – chun maoiniú a bhuachan, caithfidh sé a chaiteachas a ardú. Agus nsa polaiteoirí ag cur is ag cúiteamh faoin méid atá tuillte ag ardoideachas, tá ról ollmhór ag Coláiste na Tríonóide i gcruthú fiúntais na hearnála. Ní hamháin foinse “bróid náisiúnta” atá i SFAÉ agus IEB ach an oiread. In áit é sin, agus iad ag déanamh taighde inbhraite atá ag cur leigheas chun cinn ar léibhéal domhanda, ionann siad áitimh láidre ar son na maithe coitinne atá san ardoideachas.

ADVERTISEMENT

Tá infheistíocht i dtionscadail nua riachtanach chun seasamh an fóid sna ranguithe idirnáisiúnta. Tá cuid mhór de ranguithe Times Higher Education, a foilseofar sna seachtainí atá amach romhainn, bunaithe ar chlú taighde. Ní féidir bacainní a chur ar fhorbairtí nua i mbonneagar agus taighde dá bharr sin. Agus níos mó a mac léinn ag freastal ar ollscoileanna agus níos mó iomaíochta idirnáisiúnta roimh ollscoileanna na hEorpa, is gá do Choláiste na Tríonóide áiteamh ar son a thábhachta, ní hamháin in Éirinn ach timpeall an domhain freisin.

Caithfidh Coláiste na Tríonóide an uaillmhian chéanna a chur le ráth IEB sa bhliain 2011. Is beag iad na cuimhneacháin atá ag daoine maidir le luach an ardoideachais. Ní cheart go mbeadh sé riachtanach, ach tá infheistíocht i dtionscadail uaillmhianacha ag teastáil ionas go mbeadh an Coláiste in ann a luach a léiriú.