Comment & Analysis
Eagarfhocal
Oct 16, 2016

Is Gá do Mhic Léinn Glacadh le Sampla Chlú na bPinsinéirí i leith Píonós Toghchánach

In áit bheith doicheallach faoi shochar an rialtais a thuill siad, ba cheart go ndéanfadh mic léinn aithris ar nósanna vótála leanúnacha agus chomhthachtaitheach glúine a sean-thuismitheoirí chun a n-eisiamh a sheachaint.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Is conspóideach an rud í an cháinaisnéis a fhoilsíodh an tseachtain seo. Agus is gan amhras go bhfuil saghas compoird ann go bhfuil fírinní áirithe, go fiú thar léaslíne nuíosach na “nua-pholaitíochta” a bhaineann leis an ngar-chomhrialtas, gan athrú. I measc ceann dena gnéithe is leanúnaí de laethanta cáinaisnéise ar feadh staire na tíre tá an mantra “ná déan rud ar bith dona pinsinéirí.” Tá an riail doscríofa sin aitheanta go mór ag na príomhpháirtithe a smachtaigh an próiseas cáinaisnéise ó bhunú an stáit. Leoga, ceaptar go bhfuil laghdú an phinsin ar míthreoir de réir scillinge amháin i measc na cúiseanna a chuir críoch le réim leanúnach 10 mbliain an rialtais Chumann na nGaedhal le linn na 1930í.

Cé go ndearnadh é trí phróiseas comhairliúcháin traspháirtí nach bhfuil aithnidiúil go mór d’éinne i dTeach Laighean, léiríonn an cinneadh an pinsean seanaoise a mhéadú de réir €5 an meas, nó b’fhéidir eagla, a bhfuil ag an rialtas reatha do na daoine bhainfidh tairbhe as, cosúil le cuid mhór dá réamhtheachtaithe. Ta cúis shimplí leis sin: vótálaíonn pinsinéirí, agus is fírinne sin gur minic a phléitear le ciniceas.

Áfach, níl sé cothrom smaoineamh amhlaidh ar na cinntí sin. Tá an cumas atá ag pinsinéirí tairbhe a éileamh sa cháinaisnéis i measc na samplaí is íne daonlathais a aimseoimid sa tsochaí nua-aimseartha. Níl ann, i ndeireadh na dála, ach cumas grúpa saoránach an próiseas toghcháin a úsáid mar mheán pionós a chur ar rialtais as a bhfaillithe ina leith, agus freisin chun é sin a dhéanamh lena leithéid de leanúnachas go gcruthaítear clú a chuireann dréachtaí ar rialtais iarracht a dhéanamh a leas a chosaint. D’fhéadfaí a rá, dá bharr sin, go bhfuil sampla daonlathais a thugann misneach dúinn i ndomhan a bhfuil smachtaithe níos mó agus níos mó ag maorlathas agus grúpaí sainleasmhaire.

ADVERTISEMENT

Is cóir go ndéanfadh daoine óga agus mic léinn aithris ar shampla na bpinsinéirí. Da vótálodh mic léinn leis an méid céanna comhthathaithe agus leanúnachais, ní dóigh go dtabharfadh an rialtas €36.5 milliún d’ardoideachas, mar a thug sé Dé Mháirt, cé go bhfuil €100 milliún maoinithe bhreise ag teastáil ón earnáil chun cúlú agus cíorruithe níos mó a sheachaint. In áit bheith doicheallach faoin tairbhe a bhain pinsinéirí ón gcáinaisnéis, is gá do mhic léinn tabhairt faoi deara go bhfuil rannpháirtíocht agus aird pholaitiúil leanúnach riachtanach ionas nach mbeidís curtha ar thaobh amháin sa phróiseas daonlathach iomaíoch.