Comment & Analysis
Eagarfhocal
Nov 6, 2016

Cuireann Coincheap Aontais Neodraigh Cieteanna Tábhachtacha os ár gcomhair, ach is Gan Freagra a Ligfidh an Feachtas UCD an Iomarca Díobh

D’aontais a smoainíonn orthu féin mar níos mó ná soláthróirí coiscíní agus seomraí lán le coileáin, bhí iarmhairtí aontais neamhpholaitiúla doiléir.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Vótáil mic léinn Choláiste na hOllscoile Bhaile Átha Cliath (UCD) go cinntitheach, go fiú treascrach, an tseachtain seo, chun seasamh ar son rogha a n-aontais, le trí mhíle mac léinn ag diúltú éileamh an t-aontas a dhéanmah neodrach ar bhuncheist an ghinmhillte.

Is ón ngrúpa “UCD for Fair Representation” a tháinig na héilimh sin, a d’áitigh nár cheart go mbeadh seasamh ar bith ag an aontas maidir leis an “gceist chonspóideach.” Gheall an grúpa freisin ceisteanna eile ina bhfuil mic léinn gan ionadú iomlán ó Aontas na Mac Léinn Choláiste na hOllscoile Bhaile Átha Cliath (UCDSU).

Ní raibh an feachtas a d’áitigh ar son neodrachais, ag iarraidh luacha aontais a dhiúltú. Leoga, agus é ag scríobh sa nuachtán seo, mhol duine de lucht eagraithe UCD for Fair Representation oibre an aontais i dtacú mac léinn, agus d’áitigh sé gur cheart go mbeimníonn an t-aontas fadhbanna a chuireann isteach ar mhic léinn, mar shampla “táillí, an ghéarchéim tithíochta, áiseanna campais agus slainte intinne.”

ADVERTISEMENT

Is achrannach an cheist faoi dearcaidh pholaitiúla aontas. Sin de bharr na deacrachta a bhaineann le fadhbanna mac léinn agus fadhbanna eile a scaradh. Is ceist suthain freisin a bhaineann leis an bhealach is fearr daonra a ionadú. Mar fhianaise leis sin, ní gá féachaint níos faide ná cur is ag cúiteamh sa tír seo faoi reifrinn agus tionóil saoránach.

B’í an fhadbh is mó leis an reifreann ná nach raibh sainmhíniú ceart curtha ar neodrachas. Cad a bheadh in aontas neamhpholaitiúil? An mbeadh rud eile le déanamh acu ach coiscíní agus seomraí lán le coileáin a sholáthar? Bhí soláthar coiscíní conspóideach uair amháin freisin, ar ndóigh – agus bhí rian bhróid ar na haontais agus iad ag cur na rudaí mídhleathacha sin ar fáil. Do dhaoine a smaoiníonn ar aontas mar chomhlacht feachtasaíochta, bheadh neodrachas aithritheach agus eiriciúil.

Go fiú dá mbeadh aontas neamhpholaitiúil, an féidir le haontas ar bith bheith go hiomlán ionadaíoch? Ní simplí iad na fadhbanna a bhaineann le táillí agus an ghéarchéim tithíochta. Níl freagra éasca ann agus muid ag lorg scéime maoinithe d’ardoideachas, go háirithe nuair ata easaontas maidir leis an mbealach ina úsáidtear airgead ar áiseanna campais. Conas a dhéanann aontas ionadaíocht do mhic léinn nach gceapann go bhfuil níos mó airgid tuillte ag an earnáil? Conas b’fhéidir aontas neodrach i dtreo ginnmhillte mac léinn le toircheas géarchéime a comhairliú? Ní leor na freagraí a thugadh ar na ceiteanna sin.

Is réiteach mealltach atá i neodrachas chun dul i ngleic le buncheisteanna conspóideacha, ach ní gan iarmhairtí atá sé. Gan fís soiléir ar charachtar aontais neodraigh, bheadh sé deacair vótáil don togra seo.