Comment & Analysis
Eagarfhocal
Nov 13, 2016

Dúshlán do Thiomantas d’Oideachas Saor in Aisce do Chách a bheadh i gCórais Difriúla d’Ollscoileanna agus Institiúidí Teicneolaíochta

Is gá d’AMLÉ smaoineamh ar an mbealach ina fhrithghníomhóidh siad do thairiscint oideachas saor in aisce d’institiúidí teicneolaíochta.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Ar maidin Déardaoin, le beagán gleadhartha, cheistigh Coiste Oideachais agus Scileanna an Oireachtais na ceannairí ar ollscoileanna agus institiúidí oideachais na tíre faoin ngéarchéim maoinithe san ardoideachas, faoina dtitim sna ranguithe domhanda agus faoi indéantacht réiteach a fháil leis na fadhbanna sin.

Ar bhreathnú siar, ní mór an ionadh atá sa tsainrogha Chumainn Ollscoileanna na hÉireann (IUA) i bhfabhar iasachtaí ioncam-teagasmhach. Is beag an cur i gcoinne a rinne Prendergast agus Uachtarán Chooláiste na hOllscoile Bhaile Átha Cliath (UCD), Andrew Deeks, mar shampla, maidir le córas maoinithe sin.

Ní roimh an dara suí, inar chuir an Cumainn Ardoideachais Teicneolaíochta (THEA) a thogra chun cinn i bhfabhar oideachas a mhaoineofaí go poiblí go dtí leibhéal a seacht, agus iad ag cáineadh scéimeanna iasachtaí, a d’éirigh cúrsaí níos suimiúla. B’fhéidir go mbeadh togra a bhainfear an táilli ranníocaíochta do mhic léinn ag obair i mbun cláir ard-teastais nó gnáth-chéime mealltach go leor do pholaiteoirí mar chomhrogha indéanta i gcomparáid le hoideachas saor in aisce do chách. Cuireann an togra scéime iasachtaí, agus an bhagairt do dheontais atá intuigthe leis imní mhór ar institiúidí teicneolaíochta atá cuid níos mó mic léinn acu a bhraitheann ar thacú an stáit. Bheadh oideachas saor in iasce do mhic léinn ag leibhéal a seacht thar a bheith mealltach do chuid mhór d’aontais na mac léinn ar fud na tíre.

ADVERTISEMENT

Cé gur éasca an rud é ceapadh go bhfuil fíor-áthas ar Aontas na Mac Léinn in Éirinn (AMLÉ) de bharr an togra seo, is dócha go mbeodh deracrachtaí dó sa togra seo. Taispeántas dlúthpháirtíochta a bhí ina mháirseáil ar son an oideachais an mhí seo chaite – thionól gach mac léinn, is cuma cén ollscoil nó institiúid, ar son oideachais saor in aisce. Ach dá mbeadh comhghéileeadh riachtanach maidir le maoiniú oideachais, cad a chinnfeadh an t-aontas? Dá nglacfar le togra THEA, b’fhéidir go mbeadh ar AMLÉ smaoineamh go géar faoina comhghéillte ionchasacha a phléitear i dTeach Laighean.