Comment & Analysis
Eagarfhocal
Nov 20, 2016

Ní Féidir Fairsinge Ratha Taighde Choláiste na Tríonóide a Dhearmad i nGliondar faoi Bhallraíocht Leru

Tar éis aontachais Choláiste na Tríonóide chuig an grúpa ardcháile ollscoileanna, tá sé ró-éasca dearmad go n-aithníonn an gradam éachtaí taighde sna daonnachtaí freisin.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Is le díograis a chuireadh fáilte leis an nuacht an tseachtain seo go bhfuil Coláiste na Tríonóide chun bheith ina bhall den Chonradh Ollscoileanna Taighde na hEorpa (Leru). Beidh Coláiste na Tríonóide mar an chéad ollscoil Éireannach agus, leoga, an ceann amháin díobh a fhuair an cuireadh sin chun bheith ina bhall den chlub eisiach sin de 23 ollscoil Eorpach a bhfuil den scoth ní hamháin maidir lena gclú, ach freisin de bharr cáillíochta a dtaighde agus a múinteoireachta. Leoga, thug ballraíocht Choláiste na Tríonóide ról tábhachtach don ollscoil i moltaí a thabhairt don Choimisiún Eorpach maidir le tionscnaimh taighde.

Áfach, is éasca go dtarraingáitear íomhánna róshimplí de shaotharlanna, eascraí ag giosáil, agus cótaí bána sa chomhphlé faoi ról Leru maidir le taighde, idir an stádas agus an cháilíocht atá intuigthe i mballraíocht chomh maith leis an ról sa todhchaí a thugann sé do Choláiste na Tríonóide. Is é sin an fís is soiléire agus is inrochtana dena bhfuil i gceist san fhocal “taighde”. Bhí an tuairim chaol sin de thaighde agus obair acadúil le feiceáil go fiú sna Proinntí le linn na seachtaine ina raibh an Propast ag fófgairt glactha Choláiste na Tríonóide. Bhí an óráid a thug an tAire Oideachais agus Scileanna, Richard Bruton, suntasach sna tagairtí minice a bhain le taighde a chruthaíonn inniúlachtaí don eolaíocht agus do thionscadal.

An rud atá in easnamh sa mholadh sin atá á tabhairt ag daoine taobh amuigh den saol acadúil ná aithint saothair na n-acadóirí a dhíríonn a n-aird ar ealaíona, daonnachtaí agus eolaíochtaí sóisialta. Aithníonn ballraíocht Leru taighde i ngach disciplín, ní hamháin eolaíocht, matamaitic agus innealtóireacht.

ADVERTISEMENT

Tá sé suntasach go raibh an tOllamh Jane Ohlmeyer i measc na bpríomhchainteoirí ag fógairt ballraíochta Choláiste na Tríonóide, agus í ina staraí ar Éirinn sa 17ú haois, agus a cheapadh mar Cathaoirleach Chomhairle Taighde na hÉireann i Meán Fómhair. Is í Ohlmeyer an saghas duine faoina raibh Uachtarán Ollscoil na Banríona Béal Feirste ag labhairt i mí Meitheamh agus é ag moladh do mhic léinn gan a bheith ina acadóir sna daonnachtaí. Tá saineolaithe sna healaíona, daonnachtaí agus eolaíochtaí sóisialta ar thús cadhnaíochta ratha Choláiste na Tríonóide i dtreo na taighde, fírinne a chailltear go minic, de réir dealramh, de bhrí chultúir an mhargaidh ar a theip in aithint an maitheas poiblí atá inár n-eolas a leathnú., go fiú nach bhfuil feidhmiúchán cinnte díreach leis sna tionscadail. Is deis atá sa chuireadh a thug Leru do Choláiste na Tríonóide fáil réidh le fís chaol eolaithe le spéaclaí agus cótaí saotharlainne agus fairsinge ratha acadúla an Choláiste a cheiliúradh.