Comment & Analysis
Eagarfhocal
Feb 5, 2017

Ní Thuillfidh Athrú Stephen Donnelly go Fianna Fáil Meas Daoine Óga

Cé nach ann sin ach sampla eile de pholaiteoir ag cur díomá orainne, is dócha go bhfuil geit níos mó bainte as an tír de bharr díograise Donnelly a tharraing aird taobh amuigh dá dháilcheantar.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Chuir iompú Stephen Donnelly go Fianna Fáil fearg mhór ar dhaoine ar gach taobh. Cúpla mí tar éis éirí as a phost mar chomhcheannaire ar na Daonlathaithe Sóisialta é féin a dhéanamh ina ionadaí neamhspleách, b’iomaí daoine a d’aimsigh samplaí de Donnelly agus é ag cáineadh beartas, ceannairí agus stair Fianna Fáil. Tar éis a cháineadh fairsing den pháirtí, b’ait an rud é iad a thacú agus urlabhraí an pháirtí ar Bhreatimeacht a dhéanamh as féin.

Bhunaigh Donnelly na Daonlathaithe Sóisialta le Catherine Murphy agus Róisín Shortall mar dara rogha i bhfad ó pháirtithe daingin na Bunaíochta, agus iad ag cur iad féin chun cinn mar rogha suimiúil úrnua do dhaoine atá chiall cheannaithe orthu. Agus é ag scríobh sa nuachtán seo roimh an ollthoghchán an bhliain seo caite, labhair Donnelly le mic léinn go háirithe, ag treisiú béime a pháirtí ar ardoideachas agus a chreidimh féin go mbeadh tairbhe ag baint le hinfheistíocht i ndaoine óga. Bhí na Daonlathaithe Sóisialta chun bheith mar feabhsú do ghnáthpholaitíocht – agus, mar a tugadh muid le fios tar éis an mhéid mhóir tvíteanna agus agallaimh maslacha, mar fheabhsú suntasach i gcomparáid le Fianna Fáil.

Ba mhór an gheit a bhaineadh as a lucht tacaithe tar éis athrú Donnelly i dtreo an tsear-oird – agus b’iomaí daoine óga a bhí ina measc, a bhí ag iarraidh infheistiú i réimse prionsabal poliaitiúil úrnua. Tá codarsnacht mhór idir cuid de bheartais agus tosaíochtaí Fhianna Fáil leis na polasaithe a chuir sé chun cinn agus dá mbarr a thoghadh é. Cé nach ann sin ach sampla eile de pholaiteoir ag cur díomá orainne, is dócha go bhfuil geit níos mó bainte as an tír de bharr díograise Donnelly a tharraing aird taobh amuigh dá dháilcheantar. Agus é ag cáineadh Fianna Fáil agus na ghnáthphróisis polaitiúla, thuill Donnelly meas ó dhaoine óga a bhí ag lorg rud nua. Anois tá an creideamh sin scriosta.

ADVERTISEMENT

Is minic go ndéantar scigmhagadh ar dhaoine óga toisc nár vótálaíonn siad sna huimhreacha chéanna is a vótálaíonn an tromlach, ach ní spreagfadh an nuacht sin duine ar bith páort a ghalcadh sa phróiseas polaitiúil. Chun daoine óga a spreagdh sa treo sin, tá polaiteoirí a tharraingíonn meas agus tacaíocht a bheith ag iomaíocht. B’é Stephen Donnelly duine den saghas sin. Ach léiríonn an casadh timpeall sin go leanfaidh polaitíocht in Éirinn mar a lean sí i gcónaí.