Comment & Analysis
Eagarfhocal
Mar 5, 2017

B’fhéidir go bhfuil Ról Lárnach ag Gnéithe Uathúla Oideachais na Tríonóide do Thabhartais

Tugann an fianaise go bhfuil tabhartais ag leibhéal níos airde anseo ná mar atá siad in ollscoileanna na Ríochta Aontaithe go bhfuil ár gcéimithe difrúil ar bhealach éigin.

Leis an mBord Eagarthóireachta

Is mór an spreagadh atá sa nuacht le linn na seachtaine go raibh na níos mó ná €73 milliún sa mhéid tabhartas daonchairdiúil le linn na bliana 2015/16 d’ollscoil atá deacracht aici agus í ag iarraidh na cuntais a chothromú. Agus maoiniú rialtais ag dul in éag le blianta anuas, agus mic léinn ag gearán go hardghuthach i gcoinne scéimeanna iasachtaí, agus Coláiste na Tríonóide ag déanamh níos mó infheistíochta ar fhorbairt inmheánach agus seachtrach, tá riachtanas córas maoinithe eile ag éirí soiléir. B’fhiú an rud é daonchairdeas ó ghréasán 86,531 céimí na hollscoile a fhiosrú agus a úsáid.

Leoga, dealraíonn sé go bhfuil níos mó airgead tuillte ag Coláiste na Tríonóide, mar chéatadán den bhuiséad iomlán, ná ollscoil ar bith sa Ríocht Aontaithe, de réir fianaise a thugadh do Bhord an Choláiste i mí Nollag 2015 agus a chonaic The University Times. Cheapfá go bhfuil sluaite ollmhóra céimithe saibhre a bheadh ag iarraidh tabhartas a dhéanamh ag ollscoileanna cosúil le Oxford agus Cambridge, agus dá bharr sin tá an t-eolas sin níos suimiúla fós. Má tá an daonchairdeas suntasach cruthaithe ag gné áirithe uathúil an oideachais a chuireann an ollscoil ar fáil, an féidir go mbeidh sé mar fhoinse maoinithe fhairsing agus úsáideach?

Níl amhras gur mhéadaigh leathnú iarrachtaí níos mó tabhartas a mhealladh an méid a fhuarthas, trí mheán Trinity Foundation, agus an Coláiste ag dul i dteagmháil le réimse níos mó daoine nach mbeadh ag smaoineamh ar thabhartais agus a mbuntáistí. Áfach, más é sin príomhchúis leis na méaduithe, is dócha go mbeidh pointe sáitithe sroichthe ag Coláiste na Tríonóide – teorainn uachtair thar a nach n-aimseofar níos mó céimithe le fonn tabhartais. Ach tugtar le tuiscint dúinn go bhfuil difríocht éigin idir ár gcéimithe agus céimithe ollscoileanna na Ríochta Aontaithe mar tá an méid tabhartas i dtreo Coláiste na Tríonóide níos mó ná a bhfuil sé in ollscoileanna eile, difríocht níos mó ná easpa oscailteachta do iarrachtaí an Choláiste.

ADVERTISEMENT

Agus é suite i dtír ina bhfuil céimithe mar chuid níos mó den daonra, is dócha go bhfuil buntáiste ag Coláiste na Tríonóide sa chomthéacs. Agus, tá seans ann gur féidir é a mhíniú chomh maith trí thagairt a dhéanamh do chúiseanna níos uathúla – tá sé níos éasca d’ollscoil níos lú, i dtír níos lú gréasán céimithe a fhorbairt agus iad a spreagadh chun tabhartais. Tá Coláiste na Tríonóide, ar ámharaí an tsaoil ag athrú go tapaidh chomh maith – níl amhras go bhfuil rian suimiúil spéisiúil ag tionscnaimh nua mar Institiúid na nEolaíochtaí Bithleighis agus Institiúid Innealtóireachta, Fuinneamh agus Imshaoil (E3 Institute) do chéimithe a bhfuil aithne acu ar champas níos sean-aimseartha agus níos lú.