Comment & Analysis
Eagarfhocal
Mar 5, 2017

Tá Tuaisceart Éireann Chasta agus Dothuartha. Ba Cheart go n-Aithneodh Ár Reifreann É Seo

Ba cheart go gcuirfeadh an toghchán sa Tuaisceart inár gcuimhne nach bhfuil freagraí simplí ar cheisteanna faoi staid bhunreachtúil an stáit.

Leis an mBord Eagarthóireachta

Tar éis beagáin níos mó ná seachtain amháin, beidh mic léinn Choláiste na Tríonóide ag vótáil i reifreann faoi cheann de na ceisteanna is casta, is conspóidí agus do-réitithe i stair an oileáin: Éire aontaithe. Tharlóidh an vótáil le linn na hidirbheartaíochta faoi chumhachtroinnt i dTuaisceart Éireann tar éis cinn dena toghcháin is suntasaí agus is stairiúla. Níl tromlach ag Aontachas níos mó i dTionól Tuaisceart Éireann, agus is beag nach bhfuil Sinn Féin mar an páirtí is mó den tionól. Dá mbeadh am siombailleach ag teastáil ó lucht eagraithe an reifrinn chun é a chur ar siúl, tá sí faighte aige.

Áfach, is idir mallacht agus beannacht atá atá san amú, ag cur níos mó inúchta ar dhaoine a thacaíonn le haontas na hÉireann agus níos mó éiginnteachta leis an díospóireacht. Conas a rachaidh lucht tacaithe aontais na hÉireann i ngleic le filleadh ar riail dhíreach nó le htréimhse fhada idirbheartaíochta? Leoga, b’fhéidir go mbeadh filleadh síochánta forchéimní ar chumhachtroinnt mar an fhadbh is mó do lucht tacaithe aontais – bheadh orthu léiriú gur anois an nóiméad ceart ceist a chur roimh staid bhunreachtúil Tuaisceart Éireann, tar éis cinn de na feachtais níos conspóidí le blianta.

Idir na fadhbann is mó a bheidh roimh lucht tacaithe aontais, is dócha go mbeidh an fhírinne nach raibh mic léinn meánaicmeacha Cholaiste na Tríonóide go mór i bhfabhar Sinn Féin riamh. I suirbhé vótála a rinne The University Times roimh an olltoghchán anuraidh, ní dúirt ach 8.8 faoin gcéad de mhic léinn go dtacóidís leis an bpáirtí. Ní dhealraíonn sé go bhfuil tacaíocht an pháirtí tar éis athrú go mór go dtí seo. Sin fhadhb mhór don fheachtas ar son aontais. Ní dócha go raibh an chuid is mó de mhic léinn Choláiste na Tríonóide ag tabhairt airde ar an toghchán i dTuaisceart Éireann go sonraithe. Tá seans go hiomlán níos lú ann go gcuirfidís fáilte roimh stát ina mbeidh Sinn Féin mar an chumhacht pholaitiúil is láidre.

ADVERTISEMENT

Tá sé de dhualgas ar lucht tacaithe an aontais dearcadh soiléir a sholáthar d’iarmhairtí na vótala do Aontas na Mac Léinn Choláiste na Tríonóide. Tá dúshlán mór ann sin. Go dtí seo, níl reifreann ar aontas na hÉireann á éileamh go luath ag páirtí ar bith. Táimid fós ag fanacht le tús na hidirbheartaíochta, agus tá seans ann go mbeidh ceannaire nua ag an DUP sna laethanta agus sna seachtainí atá amahc romhainn. Ach níl a fhios againn go fóill, b’fhéidir go dtabharfaidh an feachtas freagra ar na ceisteanna seo. Ach, nuair atá ciall an vótála fós faoi dhíospóireacht i dTuaisceart Éireann, ba cheart go mbeadh eolas ag mic léinn ar a bheidh á vótáil acu.

Tá rud amháin soiléir áfach. Nocht an toghchán go bhfuil Tuaisceart Éireann chasta, pharóisteach agus dothuartha. Is dócha go leanfaidh ár reifreann leis an sampla dothuartha sin. Ach, ba cheart go mbeadh sé ar intinn an dá fheachtas go bhfuil níos mó ná freagra gearr giorraisc ag teastáil ó cheist faoi aontas na hÉireann.