Comment & Analysis
Eagarfhocal
Apr 9, 2017

Áit Níos Boichte, agus le Níos Lú Liobrálachais a Bheadh in Éirinn Aontais na Mac Léinn Neamhspleácha

Bhí ról riachtanach ag mic léinn i bhfeachtais, aisghairm agus comhionannas pósta ina measc. Bagraíonn sáruithe na féinrialach sin an tionchar atá acu.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Is féidir le gluaiseacht na mac léinn cur i gcéill gur di féin a bhfuil an chreidiúint ag dul i mórán comhthéacsanna. Ba vótaí na mac léinn a chuir le rith an dlí um chomhionannas pósta sa bhliain 2015. I mí Dheireadh Fómhair, b’iad mic léinn a bhí ag máirseáil i dtreo Teach Laighean chun oideachas a mhaoinítear go poiblí a éileamh – mílte dóibh aontaithe le haidhm amháin, tógtha ar fud na tíre i mbusanna ag a n-aontais. Cúpla seachtain ó shin, b’iad mic léinn a bhí mar tromlach na sluaite a bhí ag glacadh páirte i Strike 4 Repeal, agus iad ag cur a gcuid fuinnimh leis an ngluaiseacht chun an t-ochtú leasú a aisghairm.

Ní go nádúrtha a fhásann gluaiseacht na mac léinn. Tá sé curtha le chéile ag aontais éagsúla le méideanna, láidreachtaí agus tuairimí éagsúla. Cuid acu faoin tuath, cuid eile den chathair, agus cuid acu le níos mó airgid ná aontais eile. Ta rud amháin ag teastáil áfach chun a seirbhísí éagsúla a chur ar fáil: saoirse. Agus iad ag iarraidh bileoga eolais agus achainíocha a phriontáil nó airgead a chaitheamh ar mháirseálacha, tá gach gné de ról an aontais ag brath ar fhéinriail. Má tá duine éigin ag smaoineamh ar iarmhairtí aontais a fo-mhaoiniú agus a lagú, ní gá féachaint thar an íomhá a bheadh ar na máirseálacha thuasluaite – do oideachas a mhaoinítear go poiblí nó ar son cearta ginmhillte – gan Aontas na Mac Léinn Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath, Aontas na Mac Leinn Institiúid Ealaíne, Deartha agus Teicneolaíochta nó Aontas na Mac Léinn Coláiste Ceatharlaigh.

Ach tá féinriail chomh riachtanach sin do na cúrsaí leadránacha freisin. Do chuid mhór de mhic léinn, ní gluaiseacht a bhí inti ar chláraigh siad di agus iad ag iontráil in ollscoil, bhí na micreathonnáin, na coiscíní agus an chomhairle i lár na hoíche ag an nóiméad deireanach a dhearna riachtanas de aontais na mac léinn agus a bheidh faoi bhagairt má chaillfear féinriail.

ADVERTISEMENT

Agus Aontas na Mac Léinn in Éirinn ag déanamh feachtasaíochta ar an gceist seo, caithfidh siad cur in iúl go soiléir an méid a chaillfear dá sárófar féinriail aontas na mac léinn. Bliain i ndiaidh bliana, is foinse tacaíochta atá i mic léinn do ghrúpaí agus do fheachtais a bhí dearmadta go mór le déanaí. Agus iad ag tabhairt amach faoi chomhionannas pósta agus seomra folctha atá neodrach i dtreo inscne, tá aontais na mac léinn go héifeachtach i gcónaí agus iad ag cáineadh go géar na Bunaíochta. Tá bagairt mhór dó sin intuigthe i gcruinnithe seachtainiúla le bainistíocht, iniúchtaí agus fiosrúcháin ó choláistí.