Comment & Analysis
Eagarfhocal
Jul 30, 2017

Le Banuachtarán a Thoghadh sna Hollscoileanna, ní dhéanfaidh sé sin Mórán chun an Neamhionannas inscne Fréamhaithe san earnáil a athrú

Ní chóir dúinn neamhaird a thabhairt ar an gceapachán nua seo ach níl sé chun an fadhb ollmhór a bhuaileann gach ceann de na hollscoileanna sa tír a reitiú.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Tá OÉ Gaillimh ag déanamh cinéal spriocearcú chun Banuachtarán a aimsiú sa choláiste. Bhí an choláiste chéanna faoi bhrú le roinnt blianta anuas maidir le neamhionannas inscne. Tá an chuma ar an scéal go bhfuil siad lánchinnte gurb é sin réiteach na faidhbe san earnáil. B’fhéidir go bhfuil siad chun ceacht nua a fhoghlaim anois; gníomh iomlán míéifeachtach é dul in gleic leis na comhartaí agus neamhaird a thabhairt ar an mbunchúis atá ann.

Is é tearcionadaíocht ar mhná sna ard-róil acadúla an fadhb lárnach atá ann. Ní bheadh sé ceart neamhaird a thabhairt ar an gceapachán stairiúil seo. Ag an am chéanna, níl sé chun an ghéarchéim chasta, ilstrathach seo a reitiú, fadhb gúr chóir don earnáil ar fad dul i ngleic leis.

Tá neart bean léinn tallanach, uaillmhianach agus díograiseach ann. Tá tasc crua deacair acu gan patrún ar bith acu ar choistí nó ar chláir feidhmiúcháin sna cholaistí. Tá roinnt fadhbanna institiúdeacha eile acu le chonarthaí fostaíochta sealadacha agus easpa sheirbhís cúram leanaí.

ADVERTISEMENT

É sin ráite, b’fhéidir go mbeadh tionchar suntasach aige. Tá tiomantas léirithe ag Louise Richardson, an chéad bean a raibh ina leas-seansailéir in ollscoil Oxford, i leith níos mó ardú chéime a thabhairt do mhná. Ach ní chiallaíonn sé sin go mbeidh leigheas againn a bhfaigheann réidh leis an neamhionannas inscne sa sochaí.

Is léir gur theip ar an gcóras le linn na blianta beaga anuas agus OÉ Gaillimh páirteach sa chinéal spriocearcú seo. Is mná iad formhór na hacadóirí sna hollscoileanna, 51 fán gcéad ar an iomlán. Mar sin, is deacair linn a rá nach bhfuil an córas cuotaí luachmhar in aon chaoi. Tá gá anois le chur chuige radacach, na cuotaí seo a chur i bhfeidhm mar shampla, chun dul i ngleic leis an ndearcadh atá ann faoi láthair.

Mar gheall ar an gcruthúnas atá acu maidir leis an neamhionannas inscne, is dea-smaoineamh é anois na moltaí de reír an tÚdarás um Ard-oideachas a chur i bhfeidm in OÉ Gaillimh. Tá sé soiléir a go bhfuil siad níos oscailte ná ollscoileanna eile sa tír i dtaca leis na moltaí seo a chur i bhfeidhm.

Tá seans ann go mbeadh ionadaí nua againn a sheasann do cheannasaíocht na mban san earnáil triú léibhéal. Ach ní leor é sin chun an status quo a athrú. Tá gá anois le hathruithe ó bhonn.