Comment & Analysis
Eagarfhocal
Jul 9, 2017

Tá Uaillmhian ag an gCampas Teicneolaíochta, Ach Beidh Ádh ag Teastáil Uathu

Beidh ar an gcampas dul i ngleic le tionchar seachtrach Breatimeachta agus Trump.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Tá sé soileir gurb é anois idir an nóiméad is fearr agus is measa chun dul i mbun leathnaithe de bhilliún euro de champas ollscoile. B’fhéidir nach bhfuil sé réadúil go mbeidh an ghéarchéim maoinithe réitithe roimh chríochnú tógála Campas Teicneolaíochta agus Fiontair Cholaiste na Tríonóide (TTEC), agus tá sean ann go srianfaidh beartais cánach sna Stáit Aontaithe agus an Ríocht Aontaithe cumhacht na gcuideachtaí atá tar éis teacht go hÉirinn.

Agus má bheidh rath ag an TTEC, b’fhéidir go mbeidh dearbhú daingne an Phropaist bheith gan teorainneacha ó staid gheilleagrach na tíre. Dúirt an Propast Patrick Prendergast le baill foirne an bhliain seo caite gurb iad “na hollscoileanna a mhairfidh na cinn a bheidh ag iompar le fadbhreathnaitheacht, pragmatachas agus uaillmhian” – dealraíonn sé go gcaithfimid glacadh leis an méid atá ráite aige.

Ní ionann sin is a rá nach mbeidh sa TTEC ach scéal rabhaidh. Bunaítear an tionscnamh ar an bhfoshuíomh go leanfaidh le borradh na ngnólachtaí nuathionscanta, agus go gcuirfidh an rialtas an maoiniú riachtanach ar fáil. Agus cé go bhfuil cuma muiníneach ar Dhiarmuid O’Brien, Príomh-Oifigeach Nuálaíochta agus Fiontair go n-aimseofar maoiniú stáit in áit éigin, beidh buairt ann gan dabht tar éis an dá bhliain atá amach romhainn mura ndéanfaidh an rialtas cinneadh maidir le hardoideachas – in ainneoin tábhachta an champais do ádh na cathrach.

ADVERTISEMENT

Ach, ar bhealaí éagsúla, tá Coláiste na Tríonóide, ag baint an fhómhair a fhásfaidh agus a chothóidh an TTEC. Beidh an réimse leathan cuideachtaí ar champas, a chruthaigh idir mic léinn agus baill foirne, mar liosta fada teagmhálaithe agus comhpháirtithe lena bheidh O’Brien agus a chomhoibreoirí ag buaileadh sna blianta atá amach romhainn. Maidir leis sin, is dócha go gcothóidh an TTEC an spiorad fiontraíoch atá timpeall an Choláiste ó theacht in oifig Prendergast, ach freisin tá seans go mbeidh sé bunaithe ar na cuideachtaí a bhí cruthaithe le cabhair na hollscoile.

Tá fás champais nua corraitheach. Cruthaíonn sé deiseanna do bhaill foirne agus do mhic léinn. Ach, i ndomhan atá i mbun athraithe, ní dócha g bhfuil duine ar bith réidh bheith soirbhíoch sula chaithfidh Prendergast an chéad chloch i dtógáil an champais.