Comment & Analysis
Eagarfhocal
Aug 6, 2017

Leis an dTionscnamh Oideachais Choláiste na Tríonóide Beagnach Críochnaithe anois, ní Dhearna Aontas na Mic Léinn Choláiste na Tríonóide a Dhotháin chun Ionchur a Thabhairt do na Mic Léinn.

Tá an athchóiríu acadúla is mó sa 21ú chéad beagnach críochnaithe anois. Ní raibh Aontas na Mic Léinn Choláiste na Tríonóide in ann tosaíocht a thabhairt do rannpáirtíocht na mic léinn.

Leis an mBord Eagarthóireachta

Tá an reabhlóid nua i dtaca le oideachas fochéime i gColáiste na Tríonóide beagnach críochnaithe anois. Beidh scrúduithe nua ag teacht um Nollaig agus beidh athruithe nua ann maidir leis na scrúduithe forábharacha agus beidh córas measúnaithe ghlan nua againn. Beidh tionchar acu ar na mílte mic léinn fochéime a fhreastalaíonn ar Choláiste na Tríonóide anois agus le linn na blianta atá amach romhainn.

Ach, céard atá cloiste ag na mic léinn iad féin fá dtaobh na hathruithe seo? Bhí sé ar cheann de na téamaí is mó a phléadh sa University Times i mbliana ach tá seans ann gur coincheap aduain atá i gceist do fhormhór na mic léinn sa Choláiste. Bhí sé scríofa uair amháin sa téarma an bhliain seo caite mar ábhar-líne i ríomhphoist, sin a bhfuil. Tá Aontas na Mic Léinn Choláiste na Tríonóide againn agus iad mar ionadaithe ar choistí ollscoile chun plé a dhéanamh ar na hathchóirithe chasta, ilghnéitheacha seo. Ní dhearna siad móran chun pháirt a thabhairt do na mic léinn agus mar sin, theip ar a gcuid cumas ionadaíocha.

Ní raibh mic léinn fiú ag na cruinnuithe poiblí, eagraithe ag Choláiste na Tríonóide. Dhá bhliain ó shín, cuireadh tús leis an gcomhrá agus rinneadh plé ar na moltaí seo. Ba cheart do Aontas na Mic Léinn a bheith ann, chun cruinnuithe a fhógairt agus éagraíochtaí ionadaíocha a bhunú. Anois, tá mionrudaí á reitíu ag an gColáiste agus tá na hathruithe deireanacha níos soileire anois. Tá Seanad Acadúla ag teacht a bheidh ró-dhéanach chun dul i ngleic leis an dtionscnamh acadúla is tábhachtaí a tharla le linn an 21ú céad i gColáiste na Tríonóide.

ADVERTISEMENT

Tháinig beirt leas-propast chuig comhairle an aontais chun an tionscnamh seo a phlé anuraidh ach taobh amuigh de sin, bhí siad níos buartha faoi Ionad na Mic Léinn, an cheist is mó a bhí ann dóibh i mbliana. Bhí an t-ábhar sin i gcónaí ar a meáin shóisialta agus rinneadh phlé air i reifreann i Mí na Márta. Ach, ag an am céanna, bhí comhairliúcháin ar siúl faoi mhodúil nua agus faoi dheireadh na scrúduithe forábharacha. Agus ní raibh ionchur nó rannpháirtíocht ar bith ag na mic léinn.

Anuraidh, gheall an t-aontas dúinn go mbeadh siad ag díriú isteach níos minice ar chúraimí bhaile. Rinne sé é sin le spásanna nua do na mic léinn agus seomra néal codlata fiú. Bhí an méid sin fuinneamh acu maidir le léirsithe agus bhrúghrúpaí. Ach céard faoin iarracht maidir le Tionscnamh Oideachais Choláiste na Tríonóide. Céard faoin díospóireacht faoi thionscnamh a bheidh tionchar mór aige le linn na blianta atá amach romhainn.

Dúirt Coláiste na Tríonóide i gcónaí go raibh siad ag iarraidh éisteacht le tuairimí na mic léinn. D’eagraigh siad comhairliúcháin go rialta agus labhair siad go fonnmhar leis na mic léinn. Ach i dtaca leis an t-ábhar seo, bhí samhlaíocht teoranta ag Aontas na Mic Leinn Choláiste na Tríonóide. Gan amhras, i gceann cúpla bhliain, beidh na mic léinn go léir trína cheile faoi na hathruithe seo. Cén fáth nár chuir éinne ceist orainne, a déarfaidh siad.