Comment & Analysis
Eagarfhocal
Oct 22, 2017

Ba Chóir Do Mic Léinn UCD Katie Ascough A Táinsiú

Sáraíodh geal, scaipeadh bréag go neamhleithscéalach, agus léirigh cúis táinsimh do Uachtarán UCDSU.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Ar feadh dhá lá i rith na seachtaine seo, caithfidh mic léinn i gColáiste na hOllscoile Báile Átha Cliath vótaí maidir le cé acu ar chóir dóibh Katie Ascough, Uachtaráin Aontais na Mic Léinn Choláiste na hOllscoile Báile Átha Cliath, a táinsiú. Mar gheall ar tábhacht an ábhair agus na iarmhairtí poitéinsiúla a bhaineann leis, is fíú áthbhreithniú a dhéanamh ar na cúiseanna chun í a bhaint as an oifig.

Is é an peaca marfach, idir na cúrsaí mearbhlacha don conspóid Winging It, gur sáraigh Ascough geall feachtais go neamhleithscéalach. Ag labhairt ar cheist an ochtú leasú bunreachta, dúirt Ascough nach raibh “rún [aici] rud ar bith a dhéanamh chun mí-ionadíocht follasacha mic léinn a dhéanamh maidir leis an gceist sin”. Tháinig a cinneadh chun an eolas a bhaint as an lámhleabhair salach ar dearcaidh mic léinn UCD, a thogh go cinniúnach a sainordú i bhfábhair rogha a choimeád. Ansin, tá fadhb ann le costas an athchló. Caitheadh na mílte euro chun an lámhleabhair a athchló, agus níl an iomarca airgid ag an aontas – bhí fiacha €1.4 milliúin acu cúig bliain ó shin.

Mar bharr ar an donas áfach, níl Katie Ascough toilteanach a cinneadh a chosaint go macánta. I dtús báire, dúradh go ndearna sí an gníomh mar gheall ar an gcomhairle dlí a fuair sí. Ach, d’fhoilsigh aontais mic léinn an eolas sin ar feadh deicheanna gan iarmhairt, agus ba léir sin do dhaoine le taithí leis an dlí. D’éirigh cúrsaí níos measa arís nuair a scaipeadh an scéal gur inis sí bréag nuair a dúirt sí gur aontaigh bord stiúrtha an aontais leis a cinneadh chun an comhairle dlí a leanacht. Ní raibh aon bhaint acu leis an cinneadh.

ADVERTISEMENT

Dá gceapfá go mbeadh táinseamh ró-gharg, céard a chaithfidh Ascough a dhéanamh chun bheith teilgthe amach as an oifig? Mura bhfuil cúis ann do táinsneamh sa cás seo, chaithean a bheas cás ann?

Tá ceist imeallach – ach suntasach – ann; an bhfuil de leitheid Ascough ag teastáil ó bhaill den aontas mic léinn is mó in Éireann mar uachtaráin cúpla mí roimh an reifreann ar aisghairm an ochtú leasú bunreachta? Cheapfá nach mbeadh sé seo ag teastáil uathu.

Ní cheist í faoin chaoi ar chóir do mic léinn a vótaí a chaitheamh. Ba chóir dóibh Ascough a táinsiú.