Comment & Analysis
Eagarfhocal
Feb 11, 2018

D’fhulaingeodh Mic Léinn Mar Gheall ar na Athruithe Scrúdaithe Molta

Caithfidh Tríonóid cinneadh a dhéanamh: An bhfuil Tionscnamh Oideachais na Tríonóide (TEP) níos luachmhaire ná a mic léinn?

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Cuireann torthaí staidéir féidearthachta faoin gcaoi a eagrófar scrúduithe sa struchtúr bliana acadúla i láthair todhchaí trioblóideach do mhic léinn.

Mhol an staidéar, atá déanta ag an Clárlann Acadúil, roinnt réitigh don sheactain scrúidaithe ag deireadh gach seimeastar. Dar le cuid de na réitigh, ba cheart níos mó ná dhá seisiún scrúdaithe a bheith sa lá, a chiallaíonn nach mbeadh scrúduithe críochnaithe go dtí 7in nó fiú 9in um thráthnóna, le scrúduithe ar siúl go dtí an Domhnach.

Áitíonn lucht tacaíochta an Tionscnaimh Oideachais na Tríonóide i dtús báire nach gá go gciallaíonn sé sin go mbeadh mic léinn ag déanamh trí scrúdú sa lá agus nach mbeadh an bhéim céanna ar scrúduithe – ní bheadh siad cómh-thábhachtach do céim an mic léinn.

ADVERTISEMENT

Tá fadhb lárnach ag an smaoineamh sin. Tá easpa chumais eagrúcháin ag Oifig na Scrúduithe. Sna blianta atá caite, bhí ar roinnt mic léinn a gcuid scrúduithe a dhéanamh i gceann tréimse ghearr. Níl an oifig in ann barántas a thabhairt go mbeadh córas i bhfeidhm chun caismirtí a réitigh agus go ndéanfaí aon mhachnamh ar amchlár an mhic léinn ina iomlán. Ní dhearna staidéar na Clárlanna Acadúla machnamh ar na fadhbanna sin ach an oiread.

Níor cheart go bhfulaingeodh mic léinn an choláiste mar gheall ar an easpa léirstine a raibh ag an dTríonóid maidir leis an easpa ionaid scrúduithe atá ag an gcoláiste mar gheall ar an struchtúr bliana nua.

Sa chás seo, baineann an Tionscnamh Oideachais na Tríonóide ó mhisean an Choláiste chun deiseanna cothroime agus foghlaim forbartha a thairg do gach uile mic léinn. D’fhulaingeodh mic léinn ón athruithe molta seo ar mhaithe leis an bhfógraíocht a bhfaighidh an coláiste as ucht a leasuithe múinteoireachta.

Caithfidh an Coláiste cinneadh a dhéanamh sa cás seo, agus le gach fadhb a thiocfaidh leis an Tionscnamh Oideachais na Tríonóide: an bhfuil sláinte a mhic léinn níos tábhachtaí ná a thionscnamh réabhlóideach?