Comment & Analysis
Eagarfhocal
Mar 26, 2018

Ní Tír Bunoscionn í an Tríonóid, Ach Tá Sí Gar Di

Ní gá dóibh siúd atá ag iarradh fearg na mac léinn a thuiscint ach breathnaigh ar maorlathas mímhacánta na Tríonóide.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Bheadh nuacht na seachtaine nach bhailigh an Coláiste an táille ionaid mac léinn ó mic léinn na chéad agus na dara bliana greannmhar mura gcuirfeadh sé fearg ort.

Bí ag smaoineamh ar seo:

Chaith 88 faoin gcéad den lucht vótála anuraidh vótaí ar son táille bliantúil €30 i reifreann na bliana seo chaite ar thobach ionaid mac léinn. Níor bhailigh an Coláiste an táille a bhí siad in ainm a bheith ag bailiú ó mhic léinn.

ADVERTISEMENT

An sin, an mhí seo chaite, chaith na mic léinn méid millteanach vótaí in aghaidh táillí athscrúduithe. Chinnigh an Coláiste chun na táillí seo a chur i bhfeidhm ar aon nós.

Ní tír bunoscionn í seo. Ach dealraíonn sé go bhfuilimid i mbun stáidéar in ollscoil nach thug faoin bhailiú táille atá mic léinn sásta a íocadh, ach a chuireann táillí ainspiach daor nach raibh ó mhic léinn i bhfeidhm go hionsaitheach.

Má tá suim ag oifeagach an choláiste ar bith cá as a dtáinig cumhacht na hagóidí na míosa seo chaite, ba cheart dóibh breathnaigh ar scigdhráma maorlathas neamhinniúil mímhacánta na Tríonóide.

Tá a teipeanna mícháiliúil idir mic léinn, mar a dúirt an Bórd Eagarthóireachta arís agus arís. Mura bhfuil Bord an Choláiste ag cur táillí nua i bhfeidhm go spreangach, tá mic léinn ag streachailt in aghaidh córais idirlíne uireasacha nó freagraí mall do cheisteanna ó gach runga an dréimire riaracháin. Cuirtear constaicí sistéamacha i mbealach na gcumann agus iad ag déanamh iarracht a n-aidhmeanna a bhaint amach. Filleann na mic léinn ó Erasmus le paranóia, gan fhios an mbeadh a páipéarachas eachtrach oiriúnach chun lean ar aghaidh chuig an gcéad bliain eile.

Bhí ar Aontas na Mac Léinn Choláiste na Tríonóide agus an Choiste Lárnach na gCumann iasacht a fháil ón gColáiste chun feabhas a chur ar spásanna mac léinn agus chumainn mar gheall ar an moill ag bailiú an táille ó mhic léinn. Ag an am céanna, ní ionannaigh aon áit don ionad mac léinn nua go fóill.
Ar ndóigh, ní fógraí do drochaigne morálta é fadhbanna riaracháin. Ach, mar gheall ar an iomarca teipeanna atá ag an Tríonóid, caithfidh tú a thabhairt faoi deara nach bhfuil mic léinn tosaíocht na hollscoile seo.