Comment & Analysis
Eagarfhocal
Aug 18, 2018

An Bhfuil Sprioc Soiléir Fós ag Tóg ar Ais an Tríonóid?

Tá an chuma ar an scéal go bhfuil an iomarca sna coimhlintí casta leathana seo do shaincheart an ghrúpa.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Nuair a bhain an feachtas Tóg ar Ais an Tríonóid croitheadh as an champas i mbliana, ba chosúil gur cor cinniúnach a bhí ann do ghníomhaíocht na mac léinn. Fiú amháin nuair a géilleadh dá bpríomhéileamh, agus fuarthas réidh le taillí scrúduithe breise, mhaígh an grúpa nach raibh siad ach ag tosnú.

Leis an ollbhua seo, mar aon le tacaíocht fhorleathan agus ceannaireacht láidir aige, bhí gach cuma ar an scéal go raibh tuilleadh raith mhóir i ndán don ghrúpa.

Anois, áfach, is cosúil go bhfuil an feachtas ag streacháilt chun cur lena thús éachtach. Cé go mbíonn marbhántacht i gcúrsaí mic léinn dosheachanta le linn an tsamhraidh, tá gníomhaíocht an ghrúpa anois ag dul i dtreo measartha doiléir.

ADVERTISEMENT

I mí an Mhárta, d’áitigh roinnt daoine nár chóir gur chríochnaigh an feachtas le háitíocht an Phroinnteaigh – dúradh gur chóir agóidíocht dhíreach a dhéanamh os comhair Teach Laighean, chun gníomh práinneach a éileamh maidir le maoiniú ardleibhéil. Is fíor go bhfuair an Coláiste réidh leis na taillí breise, ach cé go raibh a gcur i bhfeidhm measartha ciotach, ba léir nach raibh ann ach comhartha ar an laghdú atá ar mhaoiniú stáit.

Sa deireadh, ní raibh áitíocht déanta ar an Dáil. Ina ionad, bhí Tóg ar ais an Tríonóid le feiceáil ag agóid maidir le díbirt tí i Summerhill, mar aon leis an chéad mórshiúil Bhród Trasinscneach. Ag an dara imeacht, léim siad ag an seans chun siúl in eindí le grúpaí tithíochta eile, ach ba bheag a bhí le rá acu maidir le cúrsaí na dtrasinscneach féin. In ainneoin an fhiúntais atá leis an dá chúis, is beag an nasc idir iad sin agus príomhspriocanna Thóg ar ais an Tríonóid.

Bhí lóistín mhac léinn inacmhainne mar phríomhéileamh ón tús, ach agus é ag bogadh isteach i ngluaiseacht náisiúnta scaipthe mar seo, tá an baol ann go gcaillfear an misneach mac léinn a bhuaigh a chéad cath. Ag amharc siar ar mhórbhuanna eile ar fud na tíre, ó aisghairm go comhionannas pósta, is léir go raibh a rath bunaithe ar comhtháthú agus spriocanna seasta socraithe. Tá an chuma ar an scéal go bhfuil an iomarca sna coimhlintí casta leathana seo do shaincheart an ghrúpa.

Bhí follasacht na gcuspóirí agus tuiscint ar an dóigh le hiad a bhaint amach lárnach i rath dochreidte an fheachtais. Anois, áfach, tá baol ann go mbeidh scoilt sa ghluaiseacht. In aineoinn a rathúlachta, tá an grúpa go fóill ina thús. Ní féidir lena spriocanna bheith ró-leathan dóiléir – má theastaíonn uaidh gréim a choinneáilt ar an mhóiminteam mór atá tuillte aige, is tábhachtach nach ndéantar dearmad air sin.