Comment & Analysis
Eagarfhocal
Sep 9, 2018

Ag Bunú Aontais Úir d’Ollscoil Úr – Nach mBeidh Cabhair de Dhíth?

Má thugtar an iomarca airde ar an amlíne, bainfear den tábhacht atá leis an deis le haontas ardchaighdeáin a chruthú.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Nuair a dhéanfar cumasc ar Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath (DIT), Institiúid Teicneolaíochta Baile Bhlainséir (ITB) agus Institiúid Teicneolaíochta Tamhlacht (ITT) i mí Eanáir 2019 chun Ollscoil Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath a bhunú, beidh toradh faoi dheireadh leis na blianta oibre. Réiteoidh an ollscoil úr, an chéad ceann dá leithéid in Éirinn, an bealach d’fhobairt mhór in oideachas teicneolaíochta na hÉireann.

I gcás a gcuid mhic léinn, áfach, tá ceisteanna go fóill faoi stádas na n-aontas mac léinn tar éis an chumaisc – agus tá an chuma ar an scéal nach bhfuil an easpa maoirseachta neamhspleáiche ag cabhrú le cúrsaí.

Thuairiscigh The University Times le linn na seachtaine go bhfuil neamhréireanna go fóill sna riachtanais agus sna spriocanna atá ag Aontas na Mac Léinn Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath (DITSU), Aontas na Mac Léinn Institiúid Teicneolaíochta Baile Bhlainséir (ITBSU) agus Aontas na Mac Léinn Institiúid Teicneolaíochta Tamhlacht (ITTSU). Dar le hiar-oifigigh, tógfar idir cúig agus deich mbliana chun an bunreacht úr a chur i bhfeidhm – cuirfidh sé sin isteach orthu siúd atá bainteach faoi láthair, a bhfuil súil acu go mbeidh sé réidh in am do thoghchán na n-oifigeach úra ar Aontas na Mac Léin Ollscoil Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath (TUDSU) an Márta seo chugainn.

ADVERTISEMENT

Is cinnte go mairfidh an idirbheartaíocht tamall fada, agus ní ionadh ar bith go raibh na cainteanna míshlachtmhar go dtí seo, os rud é go mbeidh ar bhunreacht úr freastal ar na riachtanais éagsúla atá ag trí institiúid difriúl i dtrí cheantar difriúl i mBaile Átha Cliath.

Tá an dá ghné seo cinnte ag teacht salach ar a chéile – ach ina theannta sin, má thugtar an iomarca airde ar an amlíne, bainfear b’fhéidir den tábhacht shiombalach teicniciúil atá leis an seans le haontas ardchaighdeáin a chruthú. Ag deireadh na dála, is annamh a mbíonn deis mar seo chun aontas mac léinn den chéad scoth a thógáil ó bhun go barr, ag baint úsáide as an taighde is déanaí ar rannpháirtíocht agus ionadaíocht na mac léinn.

Is é an rud is tábhachtaí ná go mbeidh an bunreacht úr cothrom, cróga agus dírithe ar an todhchaí. Mar sin de, is cosúil go bhfuil saineolaithe agus réiteoirí ón taobh amuigh, atá ceadaithe faoi na tearmaí tagartha a aontaíodh, de dhíth ar an phróiseas. Is fearr céim siar ná deifir ar na páirtithe chun bunreacht úr a ullmhú.