Comment & Analysis
Eagarfhocal
Sep 10, 2018

Níl Cúis Idé-Eolaíoch Taobh Thiar d’Athrú IUA Maidir le hIasachtaí Mac Léinn

Níl agnóiseachas an IUA mar gheall ar athrú éigin ar mháistirphlean na heagraíochta, ach mar fhreagra ar ráitis doiléire ón rialtas.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Níos lú ná 18 mí ó shin dúirt Ned Costello, a bhí mar POF leis an Chumann Ollscoileanna Éireann (IUA) ag an am, le The University Times gurbh í scéim iasacht mhac léinn an réiteach is fearr ar ghéarchéim mhaoinithe an earnáil ardoideachais. Bhí ceannairí an seacht ollscoil d’aon ghuth ar an cheist – agus, mar chomhlacht ionadaíochta na n-ollscoileanna Éireannacha, bhí sé de dhualgas ar an IUA é a chur i bhfeidhm.

Bhí sé chomh chinnte ar an cheist gur mhínigh sé, ina bharúil féin, nach raibh i gceist ach na mic léinn ag iarraidh “go n-íocfadh duine éigin eile as na táillí”. Bhí ar an IUA, ar an lámh eile, bheith “réasúnta leis an eacnamaíocht” – b’iad na buachaillí móra nach dtig leo bheith chomh soineanta sa smaointeoireacht.

Tá athrú poirt anois déanta ag a chomharba, Jim Miley. In agallamh le The University Times, dúirt sé go raibh an IUA anois “agnóisíoch” maidir le hiasachtaí. Beidh mic léinn, ar ndóigh, sásta leis an athrú seo. Ach cad is cúis leis? Is cinnte go raibh súil againn uilig nach mbeadh an rialtas go fóill ag moilleadóireacht dhá bhliain tar éis fhoilsiúchán na tuairisce Cassells. Chuirfeadh an spadántacht seo a straitéis i gceist go fiú i measc a dílseoirí is mó.

ADVERTISEMENT

Ach ón méid a dúirt Miley, níl agnóiseachas an IUA mar gheall ar athrú éigin ar mháistirphlean na heagraíochta, ach mar fhreagra ar ráiteas an rialtais go bhfuil iasachtaí mac léinn “as an tábla” le linn saolré an rialtais seo. Cé gur dócha go gcuirfidh Fine Gael agus Fianna Fáil síneadh leis an chomhaontú a bhunaigh an rialtas seo go dtí go bhfágann an Ríocht Aontaithe an Aontas Eorpach i mí Márta, is cosúil ó ghníomhartha Leo Varadkar le déanaí go bhfuil sé ag iarraidh toghchán go luath. Is é sin le rá: tá gach seans nach mairfidh “saolré” an rialtais seo níos faide ná deireadh na bliana seo. Níl na daoine is dóchasaí go fiú ag súil le réiteach ar an ghéarchéim roimhe sin.

Cá bhfios cé a bheidh sa rialtas tar éis an chéad toghcháin eile, ach tá seans measartha maith ag Fine Gael. Ní léir ach an oiread go bhfuil níos lú suime anois acu sna hiasachtaí, ó thaobh na hidé-eolaíochta de, ná mar a bhí roimhe. Ní cúis cheiliúrtha é athrú poirt an IUA go fóill.