Comment & Analysis
Eagarfhocal
Dec 16, 2018

Ag an RDS, Boladh na gCapall agus Moill 90-Nóiméad le Scrúduithe

Fágadh na mic léinn ag streacháilt le praiseach an tréimse úr scrúduithe – agus ní féidir glacadh leis.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Fágadh na mic léinn ag streacháilt le praiseach an tréimse úr scrúduithe – agus ní féidir glacadh leis.

Ní maith a bhí na tuartha, caithfear a rá, roimh na chéad scrúduithe Nollag riamh i stair na Tríonóide, ach ghlac na mic léinn leis ar a laghad go mbeadh gach rud ar siúl in am ag RDS Simmonscourt le linn na seachtaine.

Nach orthusan, mar sin, a bhí díomá mhór sa deireadh.

ADVERTISEMENT

Is amhrasach gur cheap an Coláiste, nuair a mhol sé athstruchtúrú radacach ar a theagasc fochéime, go mbeadh cuid mac léinn, le trí scrúdú beartaithe acu taobh istigh 24 uair, ag glacadh leis go dteipfeadh orthu i scrúdú amháin ar a laghad.

Seo an t-atmaisféar a bhí ar fud an Choláiste sna seachtainí roimh na scrúduithe, le meath mór ar comhpháirtíocht sna cumainn sa Choláiste agus na mic léinn ag tuairisciú ar “strus ollmhór”. Ní haon áibhéil a rá go raibh teannas le brath ar an champas.

Tar éis seo ar fad, ar a laghad, bheifeá ag iarraidh go seasfadh an Coláiste lena fhocal agus tréimhse éifeachtach scrúduithe a chur ar siúl.

Ní seo a tharla. Tiomáineadh na mic léinn isteach i mbanrach mór – le sifíní agus boladh capall san aer, ar ndóigh – chun a scrúduithe a chríochnú. Níor chuidigh an córas fógra lochtach agus ollmhéid an ionaid le cúrsaí.

Tharla an rud is measa, áfach, oíche Dhéardaoin, nuair a fágadh breis agus míle mac léinn ina seasamh ar feadh beagnach dhá uair a chloig i ndiaidh bhotúin leis an phlean suíochán. Bhí gártha searbhasacha le cloisteáil nuair a ligeadh do na mic léinn a scrúduithe a dhéanamh faoi dheireadh, leis na céadta acu fós i Simmonscourt tar éis 9in. Bhí cuid le filleadh níos lú ná 12 uair níos moille chun scrúdú eile a dhéanamh.

Mar fhocal dearfach, bhí cuma mhaith ar ghrúpa amháin ina dhiaidh: Aontas na Mac Léinn Choláiste na Tríonóide. Le láithreacht fheiceálach i Simmonscourt, sruthán síoraí eolais ar na meáin sóisialta, agus fiú cuairteanna leabharlainne ag Oifigeach Siamsaíochta David Flood (feistithe, mar is cuí, mar dhaidí na Nollag), bhí na mic léinn ábalta brath ar a n-aontas.

Mar a bheadh drochthuar ann, scríobh an Bord Eagarthóireachta seo i mí Feabhra nach mbeadh ach na mac léinn ach fulaingt leis an tréimhse úr scrúduithe. Deich mí níos moille, is cosúil nár ghlac an Coláiste leis an dáileog réaltachta seo, agus fágadh na mic léinn ag streacháilt leis an phraiseach a rinneadh de.