Comment & Analysis
Eagarfhocal
Mar 11, 2019

Ní Féidir TEP a Réitiú le Paraisiútáil na ‘gComhaltaí Measúnaithe’ isteach sna Rannóga

Ba chóir go mbeidh comhaltaí measúnaithe ag dul i gcomhairle cruinn le coistí intéarnacha na roinne agus ionadaithe ranga.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Is mó ar fad an cáineadh ná an moladh atá faighte ag Tionscnamh Oideachas na Tríonóide i mbliana, agus do na mic léinn, is é an méadú in ualach oibre an chúis feirge is mó faoi na hathruithe.  

Tá mic léinn ag streachailt de dheasca spriocdhátaí uilig ag an am céanna, mórathruithe idir ábhair, agus rómheasúnú. An Nollaig seo caite, d’fhógair mic léinn “brú ollmhór” agus tharraing siad siar ó imeachtaí eischuraclaim.

Tá moladh ag dul don Tríonóid as ucht na faidhbe seo a aithint agus dul i ngleic lei le comhaltaí measúnaithe. Cuirfear níos mó ná dosaein comhaltaí i roinn éagsúla den Choláiste chun fadhbanna bainteach le measúnú a réiteach.

ADVERTISEMENT

Mar is eol dúinn ar fad, tá an chuid is uaillmhianaí de Tionscnamh Oideachas na Tríonóide ná an chaoi a bhfuiltear ag iarraidh measúnú a éagsúlú. Tá an Leas-Propast, Chris Morash ag éileamh le haghaidh “líon níos lú de mheasúnaithe le tábhacht níos airde ag baint leo” agus íslíodh uaireanta scrúdaithe ó 17 faoin gcéad i mbliana.

Ní fadhb nua atá i gceist le mórdhifríochtaí in ualach oibre i gcúrsaí éagsúla  – ní fhadhb nua í ró-mheasúnú ach an oiread. Ach le réimsí ama i bhfad níos cúinge chun obair agus scrúdaithe a chríochnú, le modhanna measúnaithe níos éagsúla, tá sé riachtanach athruithe a chur i bhfeidhm má tá feabhsaiithe ag teastáil an bhliain seo chugainn.

Is gá don Choláiste bheith cúramach. Go dtí seo, tá cur chuige an Choláiste i leith Tionscnamh Oideachas na Tríonóide go hiomlán ón mbarr anuas, le cinntí ag teacht ón réimse uachtarach ón tús.

Léirigh an fóram foireann-mic léinn chun an tionscnamh a phlé go bhfuil deighilt mhór idir feidhmeannaigh shinsireacha an Choláiste agus léachtóirí, le Morash agus Léachtóir Sinsir Kevin Mitchell ag cur an locht ar léachtóirí toisc nach bhfuil siad tar éis dul i ngleic leis an struchtúr mar is ceart.