Comment & Analysis
Eagarfhocal
Apr 1, 2019

Tá go leor Cainte Déanta ag Varadkar ar Iasachtaí – Tá Maoiniú Stáit de Dhíth ar Oideachas

I ndiaidh trí bliana neamhghníomhaíochta, tá cúis mhaith le hamhras faoi thráchtanna Varadkar.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Is earnáil faoi leith é ardoideachas a bhfuil tar éis neamhaird ó na réimsí uachtaracha den rialtas a fhulaingt. Bhain tráchtanna ón Taoiseach Leo Varadkar an tseachtain seo maidir le maoiniú ardoideachais – nach bhfuil “fonn air” iasachtaí mac léinn a thógáil go hÉirinn, nó nach bhfuil sé ag iarraidh táille cúnamh na mac léinn a ardú – geit as líon mór daoine.

Údar aoibhnis é seo d’Aontas na Mac Léinn in Éirinn (USI), le hUachtarán Síona Cahill ag cur fáilte roimh Thaoiseach Varadkar ag briseadh “an ciúnas bodhraitheach”, seachtain ónar rinne USI agóidíocht Maoinigh an Todhchaí ar champais trasna na tíre.

Níor tháinig focail Varadkar aniar aduaidh ar éinne, áfach. Dhá bhliain ó shin, i gColáiste na Tríonóide, shéan sé coincheap na n-iasachtaí bunaithe ar leagan na Breataine, ag fógairt nach raibh sé ag iarraidh go mbeadh fiachas ar chéimithe. An bhliain seo caite, chinntigh an Iar-Aire Oideachais Mary Mitchell O’Connor nach mbeadh scéim iasachtaí againn i saolré an rialtais seo.

ADVERTISEMENT

Ach is ar éigean a rinneadh beart de réir a briathair. Foilsíodh tuairisc Cassells maidir le todhchaí an ardoideachais trí bliana ó shin, brúite go dtí an Eoraip i measc leisce an rialtais.

Agus fiú má fhaightear réidh le scéim iasachtaí, tá práinn faoi leith fós ag baint le maoiniú ardoideachais – rud atá ráite ag Aontas na n-Ollscoileanna Éireannacha (IUA) agus an feachtas Sábháil Ár Splanc.

Is beag an t-iontas nach raibh daoine faoi leith chomh dearfach maidir le tráchtanna Varadkar mar a bhí USI. Bhronn Leas-Cheannaire an Chomhaontais Ghlais Catherine Martin “toghchánaíocht gan náire” air, gealltanas gan mhaith ar féidir le Varadkar tarraingt ar ais i ndiaidh an olltoghcháin. Bíodh is go mbeimid ag súil leis nach mbrisfeadh an Taoiseach a ghealltanas, tá cúis mhaith againn bheith amhrasach: trí bliana d’easpa gníomhaíochta, ar an gcéad dul síos.

I mbealach faoi leith, tá an comhrá tar éis bogadh ar aghaidh ó scáth a bhí caite ag tuairisc Cassells. Is féidir le Varadkar béalghrá a thabhairt don smaoineamh nach leanfaidh Éire i gcoischéim na Stát Aontaithe, ach muna ndéanann an rialtas beart de réir a briathair is beag cumhacht a bheidh ag na gealltanais.

Má tá sé ag iarraidh lucht a cháinte a bhréagnú, tá sé thar am ag Varadkar maoiniú ardoideachais a ardú.