Comment & Analysis
Eagarfhocal
Nov 24, 2021

Is deis Seachas céim siar atá san Athsmaoineamh ar an Tríonóid Thoir

Ní cosúil go rachaidh an tionscadal suaitheanta ar aghaidh san fhoirm reatha mar gheall ar éiginnteacht d’easpa maoinithe ón rialtas.

Leis an mBord Eagarthóireachta

Bhí easpa plé suntasach faoi nuacht na seachtaine seo go mbeidh gearradh siar suntasach a dhéanamh ar fhorbairt na Tríonóide Thoir i gCeantar na nDugaí.

Is dócha go mbeidh an mol nuálaíochta, a bhí le bheith i gcroílár comhlachtaí móra teicneolaíochta na “Silicon Docks”, gearrtha siar nó athsmaoinithe. Éiginnteacht maidir le maoiniú ón rialtas don tionscadal a bhí mar chuid den chúis leis an ngearradh siar. Fiú gur buille é seo d’oidhreacht an phropaist seo caite, is cosúil nach gcuireann an nuacht seo isteach ná amach ar na ceannairí láithreacha.

Lena gcuid pleananna cruthaithe i 2017, ag an iarPhropast Patrick Prendergast agus ag iarThaoiseach Leo Varadker, bhí an campas nua dírithe ar dhaoine a bhí ag éirí ina bhfiontraí. Bheadh sé mar chroílár nua scoileanna na hinnealtóireachta, scoil na n-eolaíochtaí nádúrtha, agus scoil na n-eolaíochtaí ríomhaireachta, agus bheadh siad in ann tionscadal úrnua a chur chun cinn ann. Bhí seans ann freisin go mbeadh Scoil na nEalaíon Cruthaitheach agus Scoil an Altranais san ionad freisin. Thairis sin is uile, bhí an rialtas in ainm €150 milliún a chur isteach ann.

ADVERTISEMENT

Fuair an t-Ionad Taighde E3, agus é le bheith lonnaithe sa Tríonóid Thoir, an deontas daonchairdis is mó raibh ann riamh i stair an Stáit. Bhí sé in ainm a bheith mar an chéad chéim chun cinn eile do Choláiste na Tríonóide.

Ach cé gur chuir an Coláiste cuma deas úrnua ar an gcampas ag an am, ón tús bhí easpa léargais ag an tionscadal caipitil ollmhór seo, agus dá bharr sin ní raibh tacaíocht leathan aige ó phobal na Tríonóide.

Is comhartha é nach bhfuil freagra leathan ar an gcéim siar seo ar an bhfís atá – nó nach bhfuil – ag lucht riaracháin an Choláiste do todhchaí Thríonóid Thoir. Bhí cuma fiontraíochta agus nuálaíochta i gcroí an tionscadail ón tús – rudaí is léir nach bhfuil chomh mór sin le Propast Linda Doyle is a bhíodar lena réamhtheachtaí.

Is léir nach bhfuil an gearradh siar ar an Tríonóid Thoir – a bhí chun a bheith go láidir ar thaobh na nuálaíochta de – ag cur isteach ná amach ar cheannairí Tríonóide. Ní mór don Choláiste cinneadh críochnúil a ghlacadh anois thodhchaí an tionscadail – ba cheart dó seo a úsáid mar dheis athsmaoinithe ar céard go díreach atá sé ag súil leis.