Idir an praiseach maidir le dúnadh an Áiléir Eolaíochta agus taispeántas an Leabhair Cheanannais i bhFaiche an Choláiste, ní mór ceist a chur: an bhfuil Teach a hAon ar dhomhan eile?
Ar an dá thaobh, ní hamháin go bhfuil easpa cumarsáide éifeachtach ag ceannairí na Tríonóide – má dhéanann siad cumarsáide ar bith – ach go bhfuil droch-chinntí tríd is tríd á ndéanamh acu.
Is é an tÁiIéar Eolaíochta scoth na Tríonóide, agus fiú go bhfuil ciall ag baint le himní an Choláiste maidir leis an cheist mhaoinithe, is cinnte gur cinneadh ródhian a bhí ann é a dhúnadh, seachas gearradh siar ar an “struchtúr ilchasta agus chostasaigh foirne leathan.” Agus cén fáth faoin spéir a bhí an Propast Linda Doyle ag labhairt leis an tAire Ardoideachas Simon Harris ar ghlaoch éigeandála maidir leis i ndiaidh éis sceitheadh an scéal, seachas i bhfad sular fhoilsigh an Business Post an scéal.
Níl stádas an Áiléir soiléir fós – an mbeidh sé ag dúnadh? Nó an bhfuil ridire geal de chuid an rialtas chun é a shábháil? An raibh sé riamh chun dúnadh i ndáiríre, nó an raibh an cinneadh deireanach ag Bord an Choláiste i gcónaí?
Tá easnamh de €1.65 milliún tarraingthe ag an Áiléar le ceithre bliana anuas, agus is méid mór airgead atá ann i ndáiríre, ach is cinnte gur cheart don Choláiste rud chomh tábhachtach leis an áiléar a chosaint.
Is fadhb mhór í doiléire an scéal ar fad ach thairis sin, in í an fhírinne trom ná go bhfuil an láimhseáil agus na cinntí gránna ar fad. Tá an Tríonóid ag útamáil thart, agus caithfidh sé guaim a choinneáil ar chás an Áiléir Eolaíochta agus imní lucht spóirt a fhreagairt i ndáiríre, seachas béalghrá a thabhairt dóibh.
Chuaigh pobal an Choláiste i dtaithí le heaspa cumarsáide agus cinntí crua ó Theach a hAon le linn na deich mbliana seo caite. Ach bhí uaisleacht éigin leis an neamhchúram a bhí ag réamhtheachtaí Doyle ar thaobh torthaí a chuid cinntí de. Is féidir gan aontú leis, ach ar a laghad níor lig sé air go raibh sé ag cothú comhaontaithe.
Ach idirdhealú an Phropaist idir déanamh cinntí gan chúram agus a cuid gealltanas sotalach faoi comhoibriú? Bhuel, níl aon chall ar bith leis sin.