Comment & Analysis
Eagarfhocal
Feb 1, 2022

Is Bua do Chách gur Caitheadh amach an Plean don Phuball ar Pháirc an Choláiste

Cuirfear taispeántas an Leabhair Cheanannais sa Chearnóg Nua, leis an leabhar féin le bheith curtha sa Chlólann agus an tSean-Leabharlann á hathchóiriú.

Leis an mBord Eagarthóireachta

Ba é toradh míonna caite ar stocaireacht ná sábháilteacht Pháirc a Choláiste, le Taispeántas an Leabhar Cheanannais le cur ar an gCearnóg Nua agus ar Chearnóg na Clólainne.

Ach gnáthchonspóid de chuid na Tríonóide a bhí ann: rinneadh “comhairle” ar choimeádaithe geallta agus an margadh beagnach déanta. Sheol an Propast Linda Doyle agus Cathaoirleach Chlub Luthcleasa an Choláiste (DUCAC) Matthew Simons ríomhphost chuig clubanna spóirt an Choláiste ag iarraidh “go dóchasach” orthu tacaíocht a fháil don phuball i gceist – puball a chuirfeadh Páirc an Choláiste as úsáid fiú do chluichí.

Ach is deargfhearg seachas dóchas a bhí curtha i gcoinne an mholta ó chlubanna spóirt agus ó mhic léinn – agus an ceart acu.

ADVERTISEMENT

Ba cheart moladh a thabhairt d’Aontas na Mac Léinn Iarchéime go háirithe agus iad ag ceannaireacht na gluaisteachta seo. Bhí Aontas na Mac Léinn agus DUCAC níos moille lena gcuid díomá a léiriú.

Cuirfidh an taispeántas sealadach seo beocht sa Chearnóg Nua – cearnóg nach raibh ach ina faiche maisithe ar thaobh an chosáin roimh an bpaindéim. Ach mar a chonaiceamar i rith na paindéime, is fearr na faichí mhaisithe go foirfe seo a chur ar fáil do pobal an Choláiste. Leis an gClólann á deisiú, is plean réalaíoch ciallmhar atá ann ar thaobh spás an Choláiste de.

Ach fiú gur dea-nuacht é seo, tarraingíonn sé an cheist: cén fáth nár smaoinigh faoi roimhe seo? Ba é Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, seachas an Tríonóid, a mhol an plean seo dála an scéil.

Séard a dúirt Doyle le linn na seachtaine seo ná gurb in rannpháirtíocht na mac léinn a lig don Choláiste “staidéar indéantachta” a dhéanamh agus gan “cinntí gan smaoineamh” a dhéanamh. Cé gur moladh é seo ar rannpháirtíocht de cuid na mac léinn, níor cheart don eachtra seo éirí don phointe gur dúradh leis na gclubanna spóirt i Mí Dheireadh Fhómhair nach raibh an dara rogha ann.

Anois agus an t-achrann seo críochnaithe, beidh gach ard dírithe ar Áiléar na hEolaíochta. Ba cheart don Phropast iarracht a dhéanamh réiteach maith a fháil a shásóidh gach taobh, gan na hargóintí a bhfuil muid cleachta leo anois.