Comment & Analysis
Eagarfhocal
Feb 23, 2022

Tá Dea-Chuma ar Chíos Costais, ach ní Oibreoidh sé gan Cúnamh na gColáistí

An tseachtain seo, dúirt an tAire Ardoideachas Simon Harris gur féidir le coláistí a lóistín a chur ar cíos do mhic léinn le huasmhéid costais.

Leis an mBord Eagarthóireachta

Ní smaoineamh nua é cíos costais a úsáid chun dul i ngleic leis na fadhbanna móra atá ann i margadh tithíochta na hÉireann, ach bhí sé luaite cúpla uair le déanaí ag páirtí leasmhara an ardoideachas mar shlí laghdú a dhéanamh ar chostais lóistín na mac léinn. Ach is léir dóibh siúd a bhíonn ag breathnú ar iarratais an rialtais dul i ngleic leis an ngéarchéim tithíochta nach ndéantar beart i gcónaí de réir an briathar.

Mhol an tAire Ardoideachas Simon Harris an tseachtain seo gur féidir árasán de chuid na gcoláistí a chur ar fáil do mhic léinn ar chíos caidhpeáilte. Tá an-chiall leis ar an gcéad dul síos: bheadh luach níos fearr ag mic léinn dá gcuid airgead, agus beidh ar soláthraithe lóistín príobháideacha a bpraghsanna a ísliú chun bheith in iomaíocht leo.

Ach is léir ó admháil Harris go mbeidh ar “aird a bheith aige ar an bpróiseas” nach bhfuil a chomhghleacaithe chomh sásta sin céimeanna a thógáil i dtreo laghdú ar phraghsanna na gcoláistí. Sé cur chuige Fine Gael ná “lig don mhargadh dul i ngleic leis” – beidh ar Harris obair a dhéanamh chun áitiú dá chomh-airí gur fiú an samhail seo a úsáid.

ADVERTISEMENT

Ach seans go mbeidh sé níos deacra na hollscoileanna a mhealladh: tá sé deacair a chreidiúint go mbeidh an Tríonóid, Coláiste na hOllscoile Bhaile Átha Cliath, agus a leithéid sásta cíosanna a chur ar laghad agus iad ag iarraidh foinsí maoinithe nua go géar. Dúirt Harris féin “nach bhfuil aon chiall ann rud amháin a thabhairt agus rud eile a thógáil amach” – má cheapann coláistí go mbeidh easpa airgid orthu de bharr cíos costais, ní ghlacfaidh siad leis in aon chor.

Ba cheart do Harris lucht Aontas na Mac Léinn in Éirinn (USI) a mhealladh. Tá USI tar éis seasamh ar son lóistín faoi sheilbh na gcoláistí cheana féin, cé go raibh amhras ar an mBord Eagarthóireachta seo cén fáth a bheadh sé sin níos saoire i ngach cás ná lóistín príobháideach. Bheadh idirghabháil ón rialtas mar fhreagra, ach bheadh obair ann páirtí leasmhara eile a áitiú.

Is samhail ciallmhar é cíos costais, ceann a raibh an-éirí air in Éirinn. Ach mura bhfuil an rialtas in ann – nó ná ag iarraidh – a leithéid a dhéanamh chun cúnamh a thabhairt do clanna gan dídean ná do oibreoirí óga a bhí casta amach as na cathracha de bharr na bpraghsanna, cén fáth a dhéanfaidís do na mic léinn é?