Le coicís fágtha go dtí an athbhliain, níl tuar fós ar chinneadh ar an tuairisc Cassells, cé gur thug an tAire Ardoideachas Simon Harris gealltanas go mbeadh cinneadh déanta roimh dheireadh na bliana.
Cinnte, ní raibh an rialtas fial riamh dá chuid gealltanas ar an tuairisc – bhí an cinneadh i gcónaí i gcéin. Ach fós féin, bhí cuma ar an scéal an uair seo go mbeadh gníomhú ag Harris.
Gan trácht ar mhoill an rialtas an t-ardoideachas a mhaoiniú i gceart, is díomá a chur an tAire orainn i rith na bliana freisin. Ní raibh rath ar thairiscint suíochán ag an mbord aire: tá píosa beag airde níos mó dírithe ar an ardoideachas, ach níl fíor-athrú ann.
Tá gach rud athraithe ag an bpaindéim a deirtear i gcónaí, agus tá cuma ar an scéal go bhfuil daoine ag súil le rudaí ar leith ón rialtas – tá ré an rialtais móir ar ais. Tar éis na Breatimeachta, is dócha go mbeadh Éire i gceartlár ardoideachas trí Bhéarla san AE.
Tá béim láidir curtha ag Éire ar gheilleagar an eolais gan trácht ar an earnáil as a dtagann sé. Tá an uair lán d’athruithe seo chomh maith le haon uair eile chun ár radharc ar an ardoideachas athrú mar thír. Is bréaga iad na leithscéalta gur chur an víreas corónach srian ar airgead an rialtais: bhí an rialtas an caitheamh airgead amach ó Mhí na Máta 2020. Bhain Éire gach costas as oideachas dara leibhéil sna 1960s, am nach raibh mórán d’airgead againn. Ní bhíonn a leithéid seo d’fhadhbanna le táillí ag aon tír eile san Eoraip.
Bliain go leith sa téarma seo, tá Harris tar éis neart gealltanas, pleananna, agus preas-ráiteas briste a thabhairt, dhá bhuiséad bochta gan mhisneach acu ina measc sin.
Seo é a bhfuil ó na coláiste don Nollag i mbliana: laghdú ar phraghsanna ríchostasacha tithíochta, stop ar dul i méid líon na mac léinn gan plean ar mhaoiniú ceart, infheistíocht chuí san earnáil, agus athchóiriú ar an scéim SUSI.
Is bliain lán de dhíomá a bhí ag an ardoideachas. Tá ollscoileanna – agus iad ag fanacht ar chinneadh maidir le maoiniú – fágtha le gual istigh ina gcuid stocaí arís. Ní dócha go bhfuil níos mó na bliain amháin fágtha ag Harris ina ról. Má tá an t-ádh linn beidh sé in ann fuinneamh a chur isteach san ardoideachas cosúil leis an bhfuinneamh a bhíonn aige agus é i mbun agallamh ar nós gur Aire Sláinte atá fós ann.