Comment & Analysis
Eagarfhocal
Oct 25, 2015

Is Cailliúint do Rannóg Eacnamaíochta na Trionóide é Bua dá Cháil Féin

Cothaíonn Creat na Smachtú Fostaíochta ag an HEA Frithchosúlacht d'Ollscoileanna.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

B’ábhar iontais do chuid mhór daoine é ceapachán an Ollaimh Philip Lane ó Choláiste na Trionóíde mar chomharba ar Patrick Honohan, Gobharnóir an Bhainc Cheannais. Agus a bhogann cumhacht ó iar bhaill foirne an Choláiste go ceann eile, tá codarsnacht faoi leith le feiscint idir an dá bhealach gur féidir breathnú ar an scéal seo.

Léiríonn an díogras acadúl ag an Ollamh Lane gach rud atá go maith faoin gColáiste. Is é an t-aon eacnamaí Éireannach atá sa chéad 500 ar domhan, agus tá dhá oiread an méid luanna acadúla aige ná an chéad acadaí Éireannach eile. Cé nach maith leis ról an “eacnamaí clúiteach” a ghlacadh, níl dabht ar bith ann go bhfuil sé mar an nguth is tábhachtaí i dtaighde eacnamaíochta sa tír seo. Sa chaoi sin, éinne le dúil i bhforbairt cháil an choláiste, ba cheart go bhfáilteoidh siad leis an gceapachán seo. I ndiaidh théarma Honohan, is léir gur bhailíochtú eile í seo ar na baill foirne agus na tuairimí ag teacht ón gcoláiste seo.

Tá tuairim eile ann, áfach, faoin gceapachán, nach bhfuil chomh dearfach céanna. Cé nach bhfuil freagrachtaí troma léachtóireachta aige faoi láthair, mothóidh baill foirne agus mic léinn uathu an folús a fhágfaidh Lane ina dhiaidh. Go luath, beidh Rannóg Eacnamaíochta an choláiste gan Ollamh “lán” ar bith, ó thaobh céimilúlachta acadúla de, le Andrew Sommerville ag éirí as anuraidh, agus John O’Hagan á leanúint go luath. Feicimid anseo na treochtaí, ar ábhair bhuartha iad, ón gCreat Smachtú Fostaíochta an HEA.

ADVERTISEMENT

Is iomaí eacnamaíthe éirimiúla, cáilithe, agus paiseanta atá ag an ollscoil, ach teoraíonn an critéir fadbhunaithe d’ardú céime an cumas atá acu bogadh isteach i bpostanna nua-oscaile. Tá an ollscoil cheana féin faoin méid seo brú go bhfuil roinnt modúil cheathrú bhliana á ngearradh, agus is measa as atá na mic léinn gan thaithí Lane, Sommerville, agus O’Hagan. Ní féidir paisean agus óige ach méid áirithe a dhéanamh le buntáistí an thaithí a chóipeáil, mar sin beidh fostú seachtrach ag teastáil.

Tá an taighde de ghradam ag a leithéidí Philip Lane mar bhunús de chuid mhór de rannógú ollscoileanna domhanda, chomh maith le coimheas dalta-múinteoir. Tá an t-easpa cistíochta tríú-leibhéal sa tír seo tar éis an cás a chruthú go ngortaíonn ceapachán le dealramh ag baill foirne an ollscoil óna dtagann sé. Leis an easpa airde a mheall an oideachas tríú-leibhéil sa bhuiséad, tá súil againn go gcruthaíonn grúpa oibre ard-oideachais an rialtais bóthar soiléir chun tosaigh roimh dheireadh na bliana.

Cáil reputation
Ceapachán appointment
Contrast codarsnacht
Luanna citations
Bailíochtú validation
Fostú Seachtrach external employment