Comment & Analysis
Eagarfhocal
Jul 25, 2016

Chun Dul i dTeagmháil Cheart le “Maorlathas na Tríonóide”, Caithfimid a Foireann a Thuiscint

Coisceann caitheamh ónár gcinn cinntí gan tóir orthu idirghábháil de shaghas ar bith le foireann na hollscoile agus tuiscint ar atá ag tarlú .

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Is minic a cháintear ár n-ollscoil mar atá sí inniu. Agus í ag cíorrú seirbhísí nó ag iompar le maorlathas an-mhall, is minic go bhfuil Coláiste na Tríonóide ina cúis frustrachais agus feirge do bhaill foirne agus mic léinn. Leoga, ní mhoillíonn The University Times agus é ag nochtadh agus ag cáineadh cinntí de rialachas Choláiste na Tríonóide.

Ró-mhinic, mar a cheaptar, tá Coláiste na Tríonóide neamhathraitheach agus ní ghlacann sé le riachtanais na mac léinn. Ach ní ceart é smaoineamh ar an rialachas sin mar mhaorlathas neamhphearsanta. Ní thuigimid Coláiste na Tríonóide mura n-aithnímid go bhfuil sé ina bhailiúchán próiseas cinnidh atá curtha i bhfeidhm ag baill foirne a bhfuil leasa na hollscoile mar inspreagadh orthu.

In agallamh le The University Times a fhoilsíodh le linn na seachtaine, dúirt iar-Leas-Phropast Linda Hogan: “Mar oifigeach na hollscoile, téann tú i mbun an róil an ollscoil a fhágáil sa staid chéánna, nó ceann níos fearr ná d’aimsigh tú í.”

ADVERTISEMENT

Uaireanta, b’fhéidir go mbeidh cinntí an Choláiste i gcoimhlint le leasa mac léinn. Uaireanta, b’fhéidir go n-aimseoimid aontas idir baill foirne agus mic léinn. Neamhairdeallach i dtaobh é sin, tá ról lárnach ag na hoifigigh sin i múnlú eispéiris an mhic léinn i gColaiuste na Tríonóide. Tá an Leas-Phropast, mar shampla, freagrach as cinnti maidir le hoideachas agus an saol acadúil sa Choláiste. Beidh tionchar mór ag a smaointí agus a gcleachtaí nua ar conas a iompraítear saolta laethúla gach uile mic léinn.

Beidh roinnt de na cinntí sin gan tóir orthu. Áfach, ní féidir dearmad a dhéanamh orthu mar shampla eile de mhaorlathas Choláiste na Tríonóide. Tá na hoifigigh sin mar pháirt den institiúid, ach níl mar inspreagadh orthu an saol a dhéanamh deacair do mhic léinn.

Féachfaimid, mar shampla, ar an Déan nua ar Léinn Iarchéimí, Neville Cox, a dhéantar cur síos ar a ról mar chaomhnóir mar “an phribhléid is mó a bhaineann le bheith ina acadóir i gColáiste na Tríonóide,” do The University Times.

Nuair a rialacha agus nuair a ritear rialachán. Is minic go bhfuil siads chun an institiúid a chur i bhfeabhas. Uaireanta déanann na leasuithe sin failli, nó ní éisteann an Coláiste le héilimh na mac léinn.

Nuair a bhímid ag gearán faoi mhaorlathas Choláiste na Tríonóide, cuirimid in iúl nár féidir í a thuiscint. Cuirimid in iúl gur institiúid nach bhfuil ar a cumas uirthi idirbheartú. Trí dul i dteagmháil leis an maorlathas ar leibhéal an duine, tugaimid deis dúinne féin labhairt go díreach leis na daoine atá ag déanamh na cinntí sin.