Comment & Analysis
Eagarfhocal
Apr 16, 2017

Tá Cinneadh ar Mhaoiniú Tar Éis na Géarchéime Buntáisteach do Mhic Léinn

Agus mic léinn as láthair sna hinstitiúidí, is beag comhghuaillithe a bheadh ann ag teacht na deise deireanaí córas iasachtai a bhacadh.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

chuireann tuairiscí sna meáín náisiúnta nár dócha go ndéanfar cinneadh maidir le córas maoinithe d’oideachas tríú leibhéil roimh dheireadh an tsamhraidh an bhréag ar a bhfuil ráite ag an Aire Oideachais agus Scileanna, Richard Bruton. Le linn na míonna atá thart, mhínigh Bruton go bhfuil an Cáinaisnéis 2018 mar an aidhm chun “comhdhearcadh” a aimsiú faoi chóras nua.

Ní bheidh fáilte churtha roimh an nuacht seo ag insitiúidí na hÉireann, agus iad ag pointe géarchéime agus ag éileamh cinnidh de shaghas éigin chomh maith le foinsí maoinithe eile cosúil le daonchairdeas agus tráchtálaíocht. Is le fo-mhaoiniú práinneach atá institiúidí le fada, ach is mar chor cinniúna atá an bhliain seo caite óthaobh réiteach leis an fo-mhaoiniú – ar dheireadh, tá institiúidí ag cur críoch lena dtost, agus tá sé aitheanta ag daoine atá ag tabharit aird ar an gcuspóir go bhfuil seans ann go bhfuil an ghéarchéim maoinithe tagtha ar phointe nach mbeidh sé in ann a fhreaschur.

Cé go gcuireann an mhoill leis an dochar ata á dhéanamh do na hinstitiúidí, tá buntáistí le feiceáil ann i ndearcadh an mhci léinn. Dá ndeánfaí cinneadh ar chóras maoinithe i mí Iúil mar shampla, bheadh sé i bhfad níos deacra do mhic léinn slógadh nó eagrú go héifeachtach, agus a gceannairí go díreach tar éis iontrála ina gcuid oifigí, ag iarraidh dul i ngleic lena freagrachtaí nua.

ADVERTISEMENT

Ta na hollscoileanna féin ag éileamh na scéimeanna iasachtaí, cé go bhfuil mic léinn ag iarraidh iad a sheachaint, agus tá na institiúidí teicneolaíochta ag iarraidh iad a sheachaint i gcás mac léinn áirithe amháin. Dá bharr sin, dá ndéanfaí cinneadh agus mic léinn as láthair, ní bheadh a lán comhghuaillithe ann ag áiteamh ar son córas a mhaoinítear go poiblí.

Ní mhothófar an buntáiste a bhaineann leis an moill sin mura bhfuil na ceannairí ar an gcomhghuailliocht ag iompar go héifeachtach, le hullmhúcháin á chur i gcríoch ó thús na dtéarmaí ina bpoist. Ar an dea-uair, is ag tús an téarma a labhraíonn aontais go hardghuthach faoin gceist seo. Go fiú, tá an méid daoine a fhreastlaíonn ar agóid bhliantúil Aontas na Mac Léinn in Éirinn ag méadú blian i ndiaidh bliana, ach beidh sé riachtanach straitéisí nua a chur i bhfeidhm, mar bhí fadhb leis an agóid a chur ar siúl tar éis na cáinaisnéise anuraidh. Ionas go sroichfeadh a dteachtaireacht ar chluasa na bpolaiteoirí, beidh sé ar mhic léinn inspreagtha ón tús, nó is dócha go gcaillfear an deis deireanach an cath sin a bhuachan. .