Comment & Analysis
Eagarfhocal
Jun 25, 2018

B’fhéidir gur Scrois an Breatimeacht Mianta Uile-oileán na Tríonóide

Ní féidir an locht a leagadh orthu siúd i dTuaisceart Éireann a bhfuil imníoch faoin teorainn ag cur isteach ar a n-oideachas.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Dhá bhliain ó shin bhí cliseadh ag teacht ar mhianta na Tríonóide chun a bheith mar “ollscoil don oileán ar fad”. Bíodh is go raibh iarratais ag ardú, bhí bagairt an Bhreatimeachta ann, agus rátaí glacadh ag titm.

Tá an scéal éirithe níos measa inniu. Den chéad uair ó cheithre bliana ó shin, tá líon na ndaltaí ón Tuaisceart íslithe go mór, agus “nádur mearbhlach agus éiginnte an Bhreatimeachta” éirithe níos measa.

Ní féidir ach an meath seo le forbairt stadach an Bhreatimeachta agus buairt faoi thodhchaí an Tuaiscirt. Tá na míonna fada ag argóint faoi teicneolaíocht teorann agus bagairt nach dtarlóidh réiteach tar éis amhras a scaipeadh.

ADVERTISEMENT

Cé gur aontaigh Éire agus an AE go bhfuil gá an Tuaisceart a chosaint ó na hiarmhairtí is measa ón mBreatimeacht – níos lú ná bliain atá ann ó Márta 2019 – nuair a tharlóidh an Breatimeacht – ní féidir daoine óga sa Tuaisceart a lochtú faoina n-éiginnteacht chun an teorainn a thrasnú nuair atá an teorainn í féin mar ábhar díospóireachta faoi láthair.

Ní hionann seo agus a rá nach bhfuil dea-chomharthaí ann. Bhí Aontas na n-Ollscoileanna Éireannacha gasta go leor chun a fhógairt nach ngearrfar táillí idirnáisiúnta ar mhic léinn ón mBreatain. Go dtí seo, déantar an rud céanna sa Bhreatain. Tá éiginnteacht faoi ollscoileanna Éireannacha ag ardú, fad is atá an próiseas stadach idirbheartaíochta ag leanúint ar aghaidh.

Níl cuma mhaith ar an scéal do mhianta “uile-oileán” na Tríonóide. Aistríodh an Tríonóid go dtí ollscoil a bhfuil tóir uirthi mar thoradh ar bhlianta d’obair, margaíocht, cothú, le staidéar féidearthach nuálach ina measc. Tá an Breatimeacht mar bhagairt ollmhór don chúig bliana sin, d’fhéadfadh sé cur isteach go mór ar an obair sin, nó an obair ar fad a scriosadh.

Cruthóidh an Breatimeacht deiseanna don Tríonóid, le ollscoileanna ón Ríocht Aontaithe ag léiriú spéise in Éirinn mar gheall ar na hardcostaisí a bheidh ann i ndiaidh dóibh an tAontas Eorpach a fhágáil. Bua gan mhaith a bheidh ann má chruthaítear nascanna nua le Sasana, an Albain agus an Bhreatain Bheag de dheasca an Tríonóid a nasc leis an Tuaisceart a chailleadh.