Comment & Analysis
Eagarfhocal
Feb 25, 2019

Easpa Béime ar Thóg ar ais an Tríonóid sna Toghcháin TCDSU

Le hiarmhairtí móra na gluaiseachta, is údar iontais nach bhfuil níos mó plé déanta ar an bhfeachtas.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Mar a deir an seanfhocal, is fada seachtain i saol na polaitíochta. Agus má tá níos mó ná páirt fhánach agat i bhfeachtasaíocht do thoghcháin Aontas na Mac Léinn i gColáiste na Tríonóide (TCDSU), is cinnte gur fada an tseachtain atá inti.

Braitheann sé cosúil le rang staire, mar sin de, ag déanamh tagartha le heachtra a tharla timpeall 12 mhí ó shin. Ach is tearc rud le blianta beaga anuas, mar atá luaite i dtólamh ag an mBord Eagarthóireachta seo, a chroith campas 47-acra na Tríonóide mar na hagóidí Tóg ar ais an Tríonóid ón Mhárta seo caite.

Ach le himeacht aimsire, is cosúil go gcuimhnítear gnéithe conspóideacha gluaiseachta, seachas a holléachtanna. Fiú má chuimhnítear ar an toradh díreach amháin – aisiompú ar chinneadh déanta ag Bord an Choláiste agus cinntíocht táillí faighte faoi dheireadh do mhic léinn iarchéime – is léir go raibh an choicís agóidíochta an-éifeachtach.

ADVERTISEMENT

Ach is tábhachtaí ar fad, gan amhras, iarmhairtí na gluaiseachta. Caitear anois le mic léinn – a bhí thíos leis i gcónaí faoi cheannasaíocht an Phropaist Patrick Prendergast – mar gheallshealbhóirí sa Choláiste.

Cé nach bhfuil na toghcháin TCDSU 2019 gan tagairt ar bith le Tóg ar ais an Tríonóid, is cosúil nach bhfuil ach aird shuarach á tabhairt air. Tá Laura Beston go fiú, pearsa a bhí lárnach san fheachtas, tar éis í féin a scaradh ó ghnéithe radacacha an fheachtais.

Is iomaí cúis taobh thiar de seo. Ar an gcéad dul síos, cé gur ghlac oifigigh Aontas na Mac Léinn creidiúint as éachtanna na gluaiseachta, is feachtas cosmhuintire a bhí ann den chuid is mó. Agus in ainneoin an chíor thuathail agus an chlúdaigh náisiúnta, níor mheall sé aon trácht ar bith ag cruinniú ar bith de chuid Comhairle TCDSU – atá in ainm agus a bheith mar phríomhfhoras cinnteoireachta an aontais. (Ní ionadh ar bith é go mothaíonn mic léinn go bhfuil an t-aontas scoite amach ón saol.)

Bhain an feachtas Tóg ar ais an Tríonóid éacht amach i gcoicís lena mbeadh na huachtaráin is cumasaí i TCDSU sásta i gceann téarma. Ba chóir d’iarrthóirí sna toghcháin seo – le triúr acu ina suí transa ón bPropast ag cruinnithe Bord an Choláiste sa todhchaí – aird a thabhairt air sin.