Comment & Analysis
Eagarfhocal
Aug 5, 2019

Ag Cearnóg Theach na Clódóireachta, Tá an Tríonóid i bPráisc Oibre – Arís

Beidh aiféala ar an gColáiste nár íoc siad pluméirí Cearnóg Theach na Clódóireachta mar is ceart cheana.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Le blianta anuas, cáineadh an Tríonóid mar gheall ar an gcaoi a gcaitheann siad lena fhoireann, nuair a thug an rialtas foláireamh dóibh as ucht a conraidh sealadacha i 2017.

An tseachtain seo, bhí ar an Tríonóid ceisteanna nua a fhreagairt maidir le coinníolacha a n-oibreoirí ar champas, nuair a thuairiscigh an Dublin Inquirer nár íocadh pluméirí ag Cearnóg Theach na Clódóireachta mar is ceart le 10 mí anuas. Nochtaigh The University Times gur bhain an t-aighneas pá le 30 oibreoir.

Bhí an Tríonóid réidh an uair seo, nuair a cheap siad iar-chathaoirleach ó Pháirtí an Lucht Oibre chun an t-easaontas i gcoinne conraitheoir atá á íoc acu chun ionad lóistín 250-leaba a fhiosrú.

ADVERTISEMENT

Ach má léiríonn an fiosrúchán dul chun cinn, caithfear a cheistiú cén fáth ar ghlac sé an méid sin ama ar an Tríonóid chun “cás simplí” gearríocaíochta a fhiosrú.

Tá ceithre mí caite ónar cuireadh an Coláiste ar fhios maidir leis an easaontas. Fiú má thógtar an mhoill a thagann le maorlathas an earnála poiblí san áireamh, is fada óna bhí ar an Tríonóid dul i ngleic le fadhb atá mí-eiticiúil, chomh maith leith mídleathúil.

Ar ndóigh tosaíonn an locht le na comhlachtaí – Bennett Construction agus GMG Mechanical – a rinneadh néamhaird mínáireach ar éilimh na n-oibreoirí ar son pá dleathúil.

Ach tugann an conradh oibreacha poiblí atá i bhfeidhm i gCearnóg Theach na Clódóireachta cumhachtaí maoirseachta don Choláiste, le ceart chun eolas laistigh de chúig lá óna éilíodh é. Is deacar a shamhlú cén fáth ar nglac sé an méid sin ama chun fadhb a réitiú ar chostas 20 faoin gcéad de phá na n-oibreoirí.

Sa Tríonóid, is minic a bhraitheann sé amhail is go bhfuil dúshaothrú á dhéanamh ar oibreoirí i ngach chúinne. Fiú muna bhfuil an Coláiste mar phríomhnamhaid na scéala seo, theip air dul i ngleic le sárú millteanach ar chearta oibre ar champas.

Ó thaobh an fhéinchaomhnaithe de, beidh aiféala ar an Tríonóid faoin gcaoi ar dtarraing siad trioblóid orthu féin seachas an fhadhb a réiteach.