Comment & Analysis
Eagarfhocal
Aug 5, 2019

Díospóirí Twitter: Ró-luath Chun an Tithíocht Bogha Báistí a Cháineadh, nó a Chanónú

D’eascair meoin éagsúla maidir le tithíocht-LADT i OL an tseachtain seo.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Bhí Ollscoil Luimnigh i gcroílár díospóireacht shóisialta an tseachtain seo, nuair a d’eascair meoin éagsúla ar líne faoina tionscnamh “tithíocht bogha báistí”.

Mar a bheithfeá ag súil leis, bhí freagraí difriúla ar an tionscadal – a chuirfeadh spás chónaithe ar fáil don phobal LADT agus a comhghuallaithe.

Labhair roinnt daoine go dearfach faoi na fiúntais faoi leith a bhaineann le tionscadal a bhfuiltear ag súil leis a ndéanfadh áit níos fáiltiúla don phobal LADT sa choláiste.

ADVERTISEMENT

Ní raibh gach duine ar aon fhocal, áfach. Nuair a rinne Cathal Crowe, méara an Chláir, cur síos air mar “leithscaradh” agus “ábhairín seafóideach”, thacaigh a lán daoine leis ar líne.

Is gá suntas a thabhairt don nádúr féintreisithe a bhaineann le díospóireacht ar Twitter, agus bhain an dream i gcoinne leas as tróip lán de hóimeafóibe agus éadulaingt.

Bíodh is go ndéanann tráchtanna Crowe tagairtí d’imní ceart, is beag tuiscint a bhfuil aige ar fhadbanna a bhaineann leis an bpobal LADT, agus níl an chiall chun comhrá rathúil a bheith ann.

Tá suntas ag baint le cuid den cháineadh – na ceisteanna má tá gá le scéim mar seo, agus na hiarmhairtí go gcuthódh se dhá bhoth mhacalla seachas pobal ar champas.

Is cinnte go bhfuil gá le díospóireacht cheart maidir lena himpleachtaí a bhaineann leis an bpobal LADT agus a chomhghuallaithe a dheighilt ó mhic léinn eile.

Go hidéalach, ní bheadh gá le lóistín scartha bunaithe ar chlaonadh gnéis nó inscne, ach nuair a thógtar an t-éileamh san áireamh – le níos mó ná 200 iarrthóir ó 30 tír éagsúil – léiríonn sé go bhfuiltear ann a bheadh níos compordaí i lóistín scartha. D’aithin na bunaitheoirí rud faoi leith atá ag teastáil ó dhaoine.

Ag deireadh na dála, tá formhór na smaointí faoin tionscnamh go hiomlán tuairimeach, beag beann ar má tá siad dlisteanach. Is cinnte ansin, gur cóir fanacht agus breathnú ar an gcaoi a n-oibríonn an chéad bhliain den tithíocht bogha báistí sula ndéantar an breithiúnas deireanach.