Comment & Analysis
Eagarfhocal
Sep 17, 2017

Níor Cuireadh Tús Tréan leis an bhFoilseachán Coimeádach nua i gColáiste na Tríonóide

Ba chóir don Burkean Journal cineál nuance a bheith acu má tá siad chun ainm Edmund Burke a ghlacadh.

Leis an mBord Eagarthóireachta

Tá foilseachán coimeádach nua ag teacht go Coláiste na Tríonóide i mbliana. Seolfar an Burkean Journal don chéad uair an tseachtain seo. D’fhoilsigh an Burkean Journal ailt cheana féin ó Cora Sherlock, duine de na ceannairí is mó ar an nGluaiseacht ar son na Beatha in Éirinn, agus ó Cormac Lucey, Cathaoirleach Hibernian Forum, grúpa abhcóideacht an tsaormhargaidh. Tá tacaíocht airgid ag an bhfoilseachán ó Declan Ganley. Dúradh cheana féin gur “fear ghnó, saibhir, caomhach” a bhí ann.

Déantar cúr síos ar Choláiste na Tríonóide agus na hinstitiúidí tríú leibhéal mar ‘’Bolgáin liobrálacha’’ Tá cuid den fhrínne sa ráiteas seo, ní féidir é seo a shéanadh. Ach ní monailit atá ann san earnáil tríú leibhéal ach oiread. An bhliain seo caite, dúirt an ceathrú cuid de mhic léinn sa Choláiste go raibh siad ag iarraidh a vóta a thabhairt do Fhine Gael san olltoghchán cé go raibh an-tionchar ag cursaí sóisialta maidir le vótaí céadrogha sa toghchán seo. Deir na bunaitheoirí go bhfuil díospóireacht intleachta i gColáiste na Tríonóide faoi smacht ag an eite chlé. Tá sé ráite chomh maith acu go bhfuil speis ag roinnt mic léinn chun chur leis an bhfoilseachán seo a ‘chuireann smaointí coimeádacha chun cinn’. D’fhéadfá a rá, mar sin, nach raibh an deis ag na daoine seo cheana féin a gcuid smaointí a chur in iúl dúinn.

Ach le ré nua timpeall orainn anois, tá neart tuairimí choimeádacha ann. Le gach barúil liobrálach atá againn, bíonn foilseacháin eile cosúil le Breitbart ag tairiscint ceann eile de chuid na heite deise. Níl deacracht ar bith ag scríbhneoirí ar nós Ganley, Sherlock agus Lucey ardán a bhaint amach. Scríobhann siad go minic sna nuachtáin is cáiliúla anseo in Éirinn. Ach go rialta, bíonn cuid de nuance in easnamh ar an eite dheas. Cá bhfuil na tuairimí measta de chuid na heite deise? Cá bhfuil na tuairimí choimeádacha nach dtiteann ar na tróip a raibh mar bhun le polaiteoirí ar nós Marine Le Pen?

ADVERTISEMENT

Níorbh an tús ab fhearr riamh é don Burkean Journal: tá ‘leamh’ mar chur síos acu ar Choláiste na Tríonóide agus “meathlaithe” mar chur síos ar an nDomhan Thiar faoi láthair. Ní chur chuige críonna atá i gceist. Is gníomh é a bheadh míchuibhiúil ag an bhfear uasal seo, Edmund Burke.