Comment & Analysis
Eagarfhocal
Oct 29, 2017

Is Dócha Go dTabharfaidh An Cás Ascough Misneach do UCDSU Amach Anseo

Bhí an chuma ar an scéal gur ghlac UCDSU col lena sheamléim agus iad chun tosaigh maidir leis an athrú sóisialta in Éirinn.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Roimh an tseachtain seo a chuaigh thart, ba dheacair dúinn a thuiscint go raibh Aontas na Mac Léinn An Coláiste Ollscoile Baile Átha Cliath chun tosaigh maidir leis an athrú sóisialta in Éirinn. An bhliain seo caite, votáil na mic léinn san ollscoil in aghaidh ballraíocht Aontas na Mac Léinn in Éirinn (AMLÉ) a ghlacadh. Níor chaith ach an deichiú cuid de na mic léinn a gcuid vóta sa reifreann seo. Cúpla bhliain roimhe sin, votáil siad gan iad féin a chomhceangail le AMLÉ. Bhí cuid de na daoine sa feachtas ag iarraidh go mbeadh AMLÉ ag diriú isteach ar cheisteanna áitiúla agus coitianta in ionad fadhbanna móra náisiúnta.

Deirtear gur chinneadh chríonna a bhí i gceist dóibh agus na fiacha móra a bhí carntha acu ag an am. Ba chomhartha é sin go raibh fadhb níos mó ann, go raibh siad ag éirí níos leithlisí. Bhí an chuma ar an scéal gur ghlac an aontas col lena sheanléim thar thréimhse áirithe.

Dhíol an aontas sin coiscíní sa bhliain 1979 nuair a bhí cosc orthu sa tír seo gan oideas doctúra a bheith agat. Sa bhliain 1988, d’fhoilsigh siad eolas faoin nginmhilleadh sna bileoga eolais do mhic léinn cé go raibh sé raite ag an Eagraíocht um Cosaint an Linbh Neamhbheirte go raibh siad ag dul chun dlí. (Rinne an eagraíocht é seo agus tógadh an cás ós comhair na cúirte. Thug Aontas na Mac Léinn Coláiste na Tríonóide agus Aontas na Mac Léinn in Éirinn tacaíocht d’Aontas na Mac Léinn An Coláiste Ollscoile Baile Átha Cliath sa chás seo).

ADVERTISEMENT

Nuair a smaoiníonn tú ar an stair achrannach a bhí ag an aontas le linn na mblianta beaga anuas, shilfeá go raibh sé as cor go raibh Katie Ascough tofa mar uachtarán an bhliain seo caite. Bhí neamhréiteach idir an bhfearg a bhí ar dhaoine taobh amuigh den ollscoil agus na mic léinn iad féin a chuir aniar aduaidh orthu agus chuir an méid shuimiúil seo ionadh ar neart daoine.

Ach, seans go raibh an buaicphointe bainte amach ag an bpointe seo. Chuaigh na mic léinn ag votáil an tseachtain seo chun Ascough a tháinseamh mar gheall ar na hoifigí shabóideacha agus iad ag cuimhneamh siar ar na buaicphointí a bhí ag an aontas cheana féin ina cuid stair. Bhí an chuma ar an scéal i gcónaí gur mhothaigh siad siúd i gColáiste Ollscoile Baile Átha Cliath cinéal scoite amach ó ghluaiseacht na mac léinn ach chuir siad a gcuid tuairimí chun tosaigh an tseachtain seo. Tá cora crua an tsaoil slánaithe ag beagnach gach gluaiseacht uair éigin, an sonas agus an donas a théann trí an t-am atá thart go dtí an lá atá inniú ann. De réir dealraimh, tharraing sé anuas an rud a bhí ag teastáil ag an ngluaiseacht seo: an pholaitiú.