Comment & Analysis
Eagarfhocal
Oct 8, 2017

Níl Bonn Tuillte ag Farage ach Ba Chóir go dTabharfaí Cuireadh Dó

Má chuireann siad an cuireadh ar ceal, cuirfidh sé sin leis an insint nach bhfuil mic léinn in ann glacadh le tuairimí conspóideacha.

Leis an mBord Eagarthóireachta

Bhí an ceart ag chumann staire Coláiste na Tríonóide (The Hist) gan an bonn i gcomhair ról thar cionn sa díoscúsa a thabhairt don pholaiteoir, Nigel Farage. Ach, ba mhór an t-údar díoma é go raibh taispeántas ag baint leis, go háirithe leis an dtróp ‘Snowflake’ atá bainteach leis na mic léinn sa lá atá inniú ann.

Bhí an ceart ag an gcumann toisc go bhfuil sé deacair a mhaóimh gur chuir Nigel Farage leis an díoscúsa poiblí le linn na mblianta beaga anuas. Rinne seisean níos mó ná éinne eile chun an reifreann faoin Aontas Eorpach anuraidh a fhórsáil. Chuir sé leis an naimhdeas i leith imirceach sa Bhreatain agus chuir sé leis an mbréag faoin Aontas Eorpach agus an méid a chuireann gach tír isteach san aontas. Chuir sé an locht ar an inimirce arís agus é ag caint faoin méid trácht atá ar mhótarbhealaí na Breataine agus dúirt sé nach bhfuil clú dá laghad aige faoin gceangal idir an t-athrú aeráide agus astúcháin sceite. Leanann an liosta ar aghaidh.

Glactar leis nár chuir sé leis an ndíoscúrsa poiblí in aon chaoi, ach is cainteoir suimiúil agus cainteoir a thabharfadh ábhar machnaimh duit é. Tá an scéal a insíonn sé tar éis dul i bhfeidhm ar neart daoine i ngach cearn den tír sa Ríocht Aontaithe.

ADVERTISEMENT

Má tá áit ar bith ar champas ina chóir dó a bheith ag tabhairt óraid, ba chóir go mbeadh sé ag labhairt sna cumainn díospóireachta measúla atá againn san ollscoil. Le linn tríocha bhliain anuas, tugadh cuireadh do Jorg Haider, polaiteoir ón Ostair a thug tacaíocht do pholasaithe na Naitsithe agus duine de lucht séanta an Uileloiscthe, David Irving. Thug an coiste cuireadh do Anjem Choudary cúpla uair, a mhaígh gur mairtírigh iad na sceimhlitheoirí 9/11. Gabhadh é cúpla bhliain ó shin toisc gur spreag sé daoine le tacaíocht a thabhairt don ghrúpa ISIS sa Ríocht Aontaithe.

Sa lá atá inniú ann, is léir nach bhfuil roinnt daoine ag iarraidh go mbeadh tuairimí conspóideacha á roinnt sna hollscoileanna. Cuireadh an cruinniú ar ceal, eagaraithe ag an gcumann SOFIA leis an ambasadóir ón rialtas Iosrael de bharr agóidí curtha ar bun ag “Students for Justice in Palestine”, i Mí Eanáir seo caite. An mhí seo caite, bhain mic léinn ó Choláiste na Tríonóide póstaeir anuas de chuid grúpaí atá ar son na beatha.

Nuair a bhuaileann an coiste le chéile amárach, chun cinneadh críochnúil a thabhairt, ba cheart go mbeidís ag smaoineamh ar an insint “safe space” a thugann le fios nach bhfuil mic léinn na tíre in ann glacadh le tuairimí conspóideacha ar chor ar bith. Mar gheall ar an meas atá ag daoine ar an gcumann Hist, ba chríonna dóibh gan lasair a chur sa bharrach más féidir.