Comment & Analysis
Eagarfhocal
May 14, 2019

Gan Mhaoiniú, Beidh Dúshlán Mór roimh Ollscoileanna chun a gCaighdeán a Chaomhnú

Tagann an t-éileamh ar son oideachais níos fearr agus ollscoileanna ag fulaingt le heaspa maoinithe.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

An tseachtain seo, mhol tuairisc ón eagraíocht faire neamhspleách don ardoideachas Dearbhú Cáilíochta agus Cáilíochtaí Éireann, gur chóir d’Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath (DCU) córas a bhunú a ligfeadh do mhic léinn aiseolas a thabhairt ar a dtaithí foghlama.

Dhírigh an tuairisc ar chuid mhaith fadhbanna sa chóras ardoideachais a ndéanfadh mic léinn cáineadh fúthu: córas grádaithe doiléir, easpa leanúnachais idir na riachtanais ó mhodúil agus caighdeán na léinn.

Níl mic léinn ina n-aonar maidir lena mbuairt faoi chaighdeán an oideachais tríú leibhéal. Scríobh Tom Boland, iar-phríomhoifigeach feidhmiúcháin don Údarás um Ardoideachais, don University Times le déanaí faoin mbagairt go raibh ollscoileanna ag dul i dtreo “faobhar áille maidir lena gcaighdeán” – ní hamháin go raibh breis maoinithe á éileamh aige, ach d’éiligh sé leasuithe ón mbun ionas go dtagann athrú ar an gcaoi a gcuireann institiúidí a gcúrsaí i bhfeidhm.

ADVERTISEMENT

Ba í Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath an chéad ollscoil a ndearna an Coiste scrúdú uirthi agus is cinnte go ndéanfar moltaí cosúla don Tríonóid – agus d’institiúidí eile.

Agus líon na mac léinn ag ardú, is céim riachtanach í an imscrúdú ar chaighdeán an oideachas tríú leibhéal. Is ábhar aoibhnis atá ann gur aimsigh an coiste, le hacadúlaithe ina measc, gur chóir níos mó aiseolais a aimsiú ó mhic léinn.

D’aithin an tuairisc go raibh líon ard de mhic léinn iarchéimithe ag múineadh ar chúrsaí fochéime gan aon taithí nó treoir, agus mhol an tuairisc chun traenáil cheart a chur orthu siúd a bhfuil ag múineadh na gcúrsaí seo. In ainneoin go bhfuil gá ann chun tacaíocht cheart a chur ar fáil dó ná mic léinn seo, tá sé bodhar chun níos mó a éileamh ó na mic léinn seo, a bhfuil ualach oibre orthu gan an pá ceart á fháil acu.

Má tá institiúidí tríú leibhéal chun leanúint ar aghaidh a bheith ag brath ar mhic léinn iarchéimithe chun múineadh, is í an chéad chéim chun an córas seo a leasú ná chun pá ceart a thabhairt do chúntóirí teagaisc.

Bíodh is go bhfuil céimeanna beaga ann chun aiseolas agus oiliúint a leasú, is mór an dúshlán a bheidh roimh institiúidí tríú leibhéal chun a gcaighdeán oideachais a fheabhsú gan níos mó maoinithe. Sna blianta amach anseo, beidh ar ollscoileanna ná hÉireann dul in oiriúint má tá le héirí leo agus caighdeán fós acu.