Comment & Analysis
Eagarfhocal
Dec 15, 2021

Má Tá an GSU ag Iarraidh Obair le Fochéimithe, ba Cheart dó Obair leis an TCDSU

Vótáil an GSU chun tacaíocht oifigiúil a thabhairt don ghrúpa imill Students4Change

Leis an mBord Eagarthóireachta

Bhí CGB déanach ag an GSU an tseachtain seo caite agus é gan an conspóid a bheifí ag súil leis. Ní hé droch-chóras vótála ná ceannaire atá ag dul in aghaidh iniúchta a bhí ann, ach comhaontú suntasach idir an GSU agus Students4Change – grúpa beag d’fhochéimithe radacacha – agus an GSU fós gan comhaontú oifigiúil leis an TCDSU féin.

Ní raibh fiú 100 duine ann i measc lucht freastail agus d’éirigh le gach rún le tacaíocht ó fhormhór na ndaoine. Dá bharr sin, is léir gur éirigh leis an Uachtarán Gisèle Scanlon fáil réidh lena cuid cáinteoirí agus, tar éis bliana ag dul in aghaidh an Postgraduate Workers’ Alliance, nach bhfuil mórán dá cuid toghthóirí chun dul ina héadan a thuilleadh.

Tá neamhchúram ar dhaonlathas sa GSU cáinte go minic ag an mBord Eagarthóireachta seo, ach is léir nach bhfuil an cúram céanna ag lucht an GSU. Dúirt Cathaoirleach de chuid Students4Change, László Molnárfi, gurb “comhaontas daonlathach” a bhí ann – rud gur léir nach fíor é, toisc gur rún cúlghabhálach a bhí ann. Bhí Scanlon agus an Molnárfi (nach raibh tofa riamh) ag obair le chéile go poiblí le seachtainí anuas – an chuid is cáiliúil dá gcuid oibre ná feachtas in éadan scrúduithe i bpearsa. Ach má chuir a leithéid seo isteach ar lucht freastail, níor dúirt siad tada.

ADVERTISEMENT

Ach níos mó i gceist leis an rún ná mandáid cúlghabhála amháin. Is beag gur féidir le Students4Change – grúpa níos lú ná an chuid is mó de na cumainn ag an Tríonóid – a rá go n-ionadaíonn sé mianta agus riachtanais na bhfochéimithe. Luaigh duine amháin a bhí i bhfabhar don rún maorlathas ciotach an TCDSU. Cinnte go bhfuil fadhbanna ag an TCDSU ina chomhair sin, ach cé chaoi nach bhfuil sé níos fearr don dá aontas oifigiúil obair le chéile, acmhainní a roinnt, agus cumarsáid éifeachtach a choinneáil idir a gceannairí?

Tháinig nimh ar an gcairdeas idir an GSU agus an TCDSU anuraidh, ach tá seans acu obair as lámh a chéile arís anois. Gan Meamram Comhlachas idir an TCDSU agus an GSU tá cás na n-iarchéimithe – atá ina mball den TCDSU freisin, fiú go bhfuil an t-aontas sin níos dírithe ar fhochéimithe – lag.

Níl buntáiste ag ceachtar den dá aontas sa chonradh seo le grúpa imill. Má tá an GSU ag iarraidh obair le fochéimithe, ba cheart dó cairdeas a athchothú leis an TCDSU sula dtéann sé i muinín grúpaí imill.