Comment & Analysis
Eagarfhocal
Nov 24, 2021

Cá Bhfuil Tacaíocht na Tríonóide do Sheán Binder?

Tá suas go 25 bliana i bpríosún curtha i leith an chéimí de bharr an cúnamh a thug sé do theifigh ar chósta na Gréige sa bhliain 2018.

Leis an mBord Eagarthóireachta

I 2015 chuir an íomhá de Aylan Kurdi – gasúr trí bhliana d’aois ina luí béal faoi ar an trá i dTurcaí, báite i ndiaidh dá chlann iarracht a dhéanamh an Eoraip a shroicheadh ó thír scriosta na Siria – uafás ar dhaoine sa domhan forbartha. Do roinnt daoine, scéal coscrach a bhí ann. Do chéimí na Tríonóide Seán Binder, áfach, treoir chun gnímh a bhí ann.

Nuair a chuirtear san áireamh oiread gradaim a thugann an Coláiste ar ghaiscí a chuid alumnas is iontach gur beag uilig atá ráite ag Coláiste na Tríonóide maidir le cuidiú daonnúil Binder ar Lesbos – oileán de chuid na Gréige – a mholadh. Níl siad tar éis cáineadh a dhéanamh ach an oiread ar na cúiseanna uafásacha atá curtha ina leith agus i leith an duine eile atá cúisithe leis ag údarás na Gréige chun sampla a dhéanamh dóibh.

I Mí na Feabhra 2018, gabhadh Binder as an chuidiú a thug sé do bhearta cuardaigh agus tarrthála mara amach ó chósta Lesbos, agus d’fhéadfaí téarma príosúnachta cúig bliana is fiche a ghearradh air. Cuireadh an triail siar go háiféiseach an lá roimh ré, agus níl dáta leagtha síos don atosú go fóill.

ADVERTISEMENT

D’inis Binder é féin don nuachtán seo go bhfuil sé muiníneach go ligfear saor é, ach tá 106 lá caite i bpríosún Gréagach aige cheana féin. Ar na cúiseanna atá os a chomhair tá, ballraíocht d’eagraíocht choiriúil, sciúradh airgid agus spiaireacht. Chuir polaiteoirí in iúl go bhfuil siad ar buile faoin éagóir atá á dhéanamh ar Binder. Níl a mhacasamhail déanta ag Coláiste na Tríonóide.

Bíonn Coláiste na Tríonóide ag maíomh as an ghréasán iontach céimithe atá aige agus tapaíonn sé gach deis léiriú a dhéanamh ar a thábhachtaí don Choláiste is atá gaiscí dá chuid céimithe. Cá bhfuil léiriú imní s’aige ar ghéarchás Binder?

Níl géarchéim na dteifeach san Eoraip sna ceannlínte níos mó, ach is léir go bhfuil an Ghréig ag déanamh iarracht plean freagartha an tAontas Eorpach a sheachaint agus an teorainn a threisiú. Bhí cabhair dhaonnúil ar bun ag Binder agus ní raibh rud ar bith urchóideach faoina chuid iarrachtaí. Bíonn an Choláiste meallta ag na gaiscí tráchtála agus cruthaitheacha a chuid céimithe gan mhoill- cén fáth ar scéal eile ar fad í an obair charthanachta?