Comment & Analysis
Eagarfhocal
Dec 1, 2021

Ní Labhraíonn Lucht Cáinte na Scrúduithe i bPearsa thar ceann Gach Mac Léinn

Shínigh Students4Change agus Aontas na Mac Léinn Iarchéime litir oscailte ag éileamh deireadh le scrúduithe i bpearsa.

Leis an mBord Eagarthóireachta

Tá mic léinn ar tí tús a chur leis an gceathrú thréimhse scrúduithe i ndiaidh a chéile faoi thionchar an choróinvíris. Ba cheart go mbeadh a fhios againn an méid atá le déanamh faoin am seo, ach tá easpa smaointeoireachta chomhleanúnach i measc na hionadaithe.

Ba é Aontas na Mac Léinn Iarchéime (an GSU) ceann de na grúpaí is láidre sa chomhrá. Bíonn ag cheist faoi scrúduithe aghaidh le haghaidh bunaithe den chuid is mó ar fhochéimithe, ach níl an GSU tar éis dul i gcomhaontas le hAontas na Mac Léinn (an TCDSU) chun freagra a thabhairt. Dá ainneoin sin, tá sé ag obair le Students4Change – grúpa stocaireachta beag nár toghadh iad.

Is ráiteas láidir é go bhfuil na mic léinn uilig ag iarraidh scrúduithe aghaidh le haghaidh a chur ar ceal, ach deir idir an GSU agus Students4Change go bhfuil go leor sínithe chun a leithéid a chruthú.

ADVERTISEMENT

De réir cathaoireach Students4Change, tá 12 ball in iomlán acu. Níl tacaíocht an TCDSU acu. Tá cuma rí-láidir ar a gcuid tuairimí – fiú i measc daoine de na mic léinn is forásaí ag an Tríonóid. Níl mandáid ag an GSU seasamh ar thaobh amháin den cheist seo ach an oiread – ní bheidh a AGM ach an tseachtain seo.

Thairis sin, bhí an litir curtha amach go poiblí agus ní raibh sé de dhíth ag lucht á sínithe iad féin a aithint mar mhic léinn, mar bhaill foirne, nó mar duine as an bpobal taobh amuigh den coláiste. Cuma cé mhéid sínithe is a bheas aici, ní chruthaíonn sí go bhfuil mic léinn na Tríonóide ar aon intinn maidir leis an gceist seo.

Tá líon na gcásanna imithe in airde, agus is ceart éisteacht le buarthaí sláinte na mac léinn. Ach tá cúis eile le hiarracht na mac léinn scrúduithe a dhéanamh ar líne – imní iar-dhianglasála. Tá mic léinn ag iarraidh cosaintí a bhí curtha isteach i lár na paindéime a choinneáil, fiú go bhfuil an Coláiste, den chuid is mó, tar éis filleadh ar an ngnáthrud.

Níl ceart díreach scrúduithe a chur siar ag na mic léinn a thuilleadh. Ach is féidir fós cur siar a dhéanamh sa chás go bhfuil teastas dearfach – nó rianta an víris – ag mic léinn. Tá cosaintí ann – ach líon níos lú acu.

Tá ar an gColáiste mic léinn a chosaint. Ach ní chiallaíonn sé sin go bhfuil údarás ag grúpaí gan mhandáid acu ráitis leathain a dhéanamh thar ceann na mac léinn nuair is dócha go bhfuil riachtanais níos casta orthu.