Comment & Analysis
Eagarfhocal
Jul 10, 2018

Tá na hOllscoileanna Éireannacha, faoi Dheireadh, ag Troid go Poiblí ar son Mhaoinithe

De réir cosúlachta, tá earnáil an oideachas tríú leibhéil i ndeireadh foighne.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Gan rabhadh ar bith roimh ré, sheol an Cumann Ollscoileanna Éireann (IUA) feachtas ionsaitheach ar son mhéadú maoinithe san earnáil ollscoilíochta ar líne an Déardaoin seo chaite. Tarraingíodh aird na meán láithreach, agus is iomaí propast agus uachtarán ollscoile a léirigh a gcuid tacaíochta don eagraíocht agus dá feachtas poiblí ar Twitter.

Ó ceapadh i bpost an ard-stiúrthóra i mí Eanáir é, tá Jim Miley ag stiúradh na heagraíochta i mbealach ar leith. Is annamh, ar na saolta seo, a bhíonn duine poiblí tiománta treallúsach in aghaidh ghéarchéime ar nós cheist an mhaoiniú ollscolaíochta. Níor chuir a réamhtheachtaí, Ned Costello, isteach ná amach ar dhuine ar bith, agus bhí sé sásta agus é ag obair go ciúin sa chúlra. I gcodarsnacht leis sin, tá Miley ag cur brú mhillteanaigh ar an rialtas tar éis na díospóireachta drogallaí a bhí le feiceáil le cúpla bliain anuas.

Is í titim rangaithe na n-ollscoileanna Éireannacha, atá ag spreagadh imní mhóir san earnáil, ceann de na cúiseanna taobh thiar den fheachtas seo. Tá an chuma ar an scéal le gníomhaíocht Mhiley go bhfuil an earnáil i ndeireadh foighne, agus go bhuil an imní chéanna á scaipeadh ar fud na tíre.

ADVERTISEMENT

Is éacht ann féin é an seacht ollscoil a thabhairt ar chomhaontú lena chéile. Buíochas le Miley, áfach, tá an díospóireacht tughta ar ais chuig an chroíchúis: tá maoiniú ag taisteáil go géar ó na hollscoileanna chun a gcaighdeán oideachais a chaomhnú. In anneoin na castachta a fheictear maidir le samhlacha maoinithe nó le neamhspleáchas na n-ollscoileanna, agus an mhoill a chuireann sí ar an phróiseas cinnteoireachta, tá Miley ag díriú isteach ar an stocaireacht ar son bunmhaoinithe – tá sé ag éileamh €130 milliún sa bhreis sa chéad bhuiséad eile.

Tharraing an feachtas “Tóg ar ais an Tríonóid” aird ar na dushláin atá roimh an earnáil tríú leibhéil; agus léirigh sé chomh maith go rachadh an Coláiste go bun an aingir i gcás éadóchas airgeadais. Nuair a cuireadh ceist na dtáillí áthscrúduithe i mbéal an phobail, cuireadh go mór leis an chúis, agus is é sin a thug an bua sa deireadh. Ní féidir rá go bhfuil an feachtas atá ar siúl ag Miley comh radacach – ach tá sé in am do bhrúghrúpaí na n-ollscoileanna Éireannacha níos mó a éileamh ón rialtas. Tá céad céim den chéad scoth déanta acu anseo.