Comment & Analysis
Eagarfhocal
Sep 17, 2018

Tar Éis na Tríonóide, Beidh Saol an Mhadra Bháin ag Ian Mathews

Mar CFO, bhí air na cuntais a chomhardú, gan mórán rogha eile aige.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Nuair a ghlac Ian Mathews le ról Príomhoifigeach Airgeadais (CFO) na Tríonóide, is dócha nach raibh a fhios aige go raibh tasc chomh cloíteach os a chomhair.

Cé go raibh cúlú in ngeilleagar na hÉireann le cúpla mí ag an am, ní raibh a heiféachtaí le mothú ina n-iomlán san earnáil ardoideachais ar feadh cúpla bliain. Faoi 2015, áfach, bhí laghdú beagnach 30% taghta ar mhaoiniú státchiste don Choláiste – agus mar is eol dúinn ar fad, tá tuilleadh laghdaithe tagtha ó shin i leith.

Is beag duine a bhí chomh gar don ghéarchéim agus a bhí Mathews le linn a ré. Is í an fhírinne shearbh go raibh air maoiniú a réiteach as gach cineál foinse le beagnach deich mbliana anuas.

ADVERTISEMENT

Ar ndóigh, cuireann teideal an CFO íomha an bhithiúnach cartúin in intinn na mac léinn. Go háirithe tar éis na bliana seo caite, agus an Coláiste ag iarraidh taillí athscrúdaithe a chur i bhfeidhm orainn, is deacair Mathews a mholadh go hard na spéire.

Leis an méid sin ráite, áfach, is iomaí duine eile atá sa phróiseas mar bhac ar chomhchealga drochaigeanta airgeadais an CFO. Tá suíochán ag an Propast – atá freagrach ag deireadh na dála – agus ag an Leas-Phropast ar Choiste Airgeadais an Choláiste, a cheadaíonn gach togra ó Rannóg Sheirbhísí Airgeadais an Choláiste.

D’éirigh go geal leis an rannóg seo, faoi stiúir Mathews, in aimsiú na bhfoinsí éagsúla maoinithe. Mar shampla, in ainneoin na fuaime bithiúnta atá leis an ainm, tá Aonad Ioncam Tráchtála na Tríonóide ag bailiú airgid do mhisean acadúil na Tríonóide ar dhóigh ghlic cliste, le tograí atá buntáisteach do chách. Tá rath den chineál céanna ar dhaonchairdeas agus ar rannpháirtíocht thionscnaimh.

Dearfadh na hacadóirí, ar ndóigh, gur éirigh go maith le Mathews ciorruithe a chur i bhfeidhm ar bhuiséid rannóige, ach taobh thiar de na cinnte seo – ag leibhéal rialtais – atá neamhghníomhaíocht pholaitiúil. Bhí sé de dhualgas ar Mathews na cuntais a chomhardú, agus is beag rogha a bhí aige sa chomhthéacs sin.

Is dócha go mbeidh faoiseamh le fáil aige sna mórleabhair úra nuair a bhainfidh sé a cheann scribe amach in Ollscoil Abu Dhabi.