Comment & Analysis
Eagarfhocal
Sep 24, 2017

Sin Cad a Tharlaíonn Nuair a Bhíonn An Patuaire i Réim i dToghcháin na Mac Léinn

Ba chóir do mhic léinn i gColáiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath smaoineamh ar an gceannaire ab fhearr leo agus an reifreann ag druidim linn.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Tá cur síos dímheasúil déanta go minic ar pholaitíocht agus ar thoghcháin na mac léinn. Deirtear gur rud fánach, neamhthábhachtach, leamh atá i gceist. Is iomaí cúis ilghnéitheach a chuireann leis sin ach glacann sé sin leis an gcarachtracht eagsúil freisin. Ar dtús, tá buiséid móra á éileamh ag na daoine atá i gceannas sna haontais. Tá Uachtarán Aontas na Mac Léinn Coláiste na Tríonóide ina chisteoir le láimhdeachais 1.5 milliún sa bhliain aige. Dhá bhliain ó shin, bhí an reifreann faoin gcomhionannas pósta againn. Tá seans nach mbeadh an toradh céanna againn gan na hiarrachtaí a rinne na mic léinn ar fud na tíre. Thart fá tríocha bhliain ó shin, bhí an rud chéanna le feiceáil agus iad ag iarraidh go mbeadh eolas faoin nginmhilleadh ar fáil don chéad uair in Éirinn.

Tá neamhréir ann idir an méid a dhéanann na haontais agus tuairimí na mac léinn fúthu go ginearálta. D’fhéadfadh sé sin a bheith tubaisteach amach anseo. I mbliana, tá uachtarán ag Aontas na Mac Leinn Coláiste Ollscoile Baile Átha Cliath (UCDSU), an ceann is mó in Éirinn, atá ar son na mbeo gan bhreith. Táthar ag tuar nach bhfuil ach bhliain againn go dtí go gcaithimid ár gcuid votaí ar an ábhar seo. Toghadh Katie Ascough an bhliain seo caite, duine atá in aghaidh an ghinmhillte, cé go ndearna siad an cinneadh arú anuraidh chun an seasamh a athdhearbhú. Smaoineamh gan dealramh atá ann dóibh, de réir cosúlachta.

Leis an méid atá bainte amach ag Gluaiseacht an Reipéil, nuair atá tacaíocht an phobail ag an ngluaiseacht don chuid is mó anois, is dócha go gcuireann sé isteach ar a lán daoine. Nuair a bhain sí an eolas seo as an dtreoir do lucht na chéad bhliana an tseachtain seo, cuireann sé an patuaire sin i gcuimhne dúinn. Ós rud é nach seasann iarrthóirí ceannródaíocha agus nach smaoiníonn siad ar a gcuid roghanna, sin cad a tharlaíonn.

ADVERTISEMENT

Ba cheart do mhic léinn i gColáiste Ollscoile Baile Átha Cliath a bheith ag smaoineamh faoin méid seo. Seans nach bhfuil siad ag iarraidh go mbeadh sé ina bhac orthu fad is atá siad ag ullmhú i gcomhair an reifreann atá ag teacht.