Comment & Analysis
Eagarfhocal
Dec 15, 2021

Beidh 2,000 Mac Léinn nua an Bhliain seo Chugainn. An bhfuil Plean ann Dóibh?

Tuarann buiséad na Tríonóide don bhliain 2022 ardú ar líon na mac léinn go tuairim is 20,000 mac léinn

Leis an mBord Eagarthóireachta

Ní an Tríonóid go láidir ar thaobh smaoineamh chun cinn faoi chúrsaí praiticiúla de, agus mar sin is cúis buartha é 2,000 mac léinn nua a tharraingt isteach.

Bhí an Bord Eagarthóireachta seo ag cáineadh an Choláiste de bharr a easpa smaoineamh chun cinn i rith na paindéime, easpa a d’fhág mic léinn agus baill foirne araon gan chinnteacht.

Go speisialta anois agus an-tábhacht ar an oideachas – do dhaoine aonaracha agus don tsochaí – níl aon amhras ann gur maith an rud é rochtain níos leithne a chur air. Bheadh soinicí réidh le lua freisin an méid airgead a bheas ag teacht isteach de bharr iarchéimithe agus mac léinn idirnáisiúnta. Is maith an rud é níos mó mic léinn a tharraing isteach sa Tríonóid. Ach thairis sin, ba cheart dó a bheith pleanáilte go cúramach.

ADVERTISEMENT

Rachaidh cóimheas ball foirne-mac léinn ar laghad de bharr na mac léinn nua – rud a chuirfidh idir rochtain ar léachtóirí agus ranguithe na Tríonóide ar laghad. Cé gur thug an t-iarPhropast Patrick Prendergast rabhadh faoi seo, deir an Propast Linda Doyle go láidir gur cuma léi na ranguithe. Cé gur cuireadh i leith Prendergast go raibh sé ró-dhírithe orthu, tá tábhacht leo deireadh an scéil mar atá ráite ag an mBord Eagarthóireachta seo cheana. Má tá Doyle ag iarraidh go mbeidh an Tríonóid ina iomaitheoir domhanda san oideachas, tá tábhacht leis an gcóimheas ball foirne-mac léinn mar chuid de na ranguithe.

Léiríonn doiciméid ó Bhord an Choláiste go bhfuil an Coláiste tar éis fáil réidh leis an stad ar earcaíocht – rud maith atá ann cinnte. Ach fiú má choinníonn sé an cóimheas reatha, beidh níos mó fadhbanna ann. Ar thaobh seirbhísí do mhic léinn de, tá spás teoranta ag an gColáiste – bíonn an leabharlanna lán cheana, agus níl mórán spás fágtha do léachtaí nua. Ní bheidh an tIonad Taighde E3 ná an Tríonóid Thoir – cibé rud a bheas ann – réidh don bhliain seo chugainn. Is léir go bhfuil Baile Átha Cliath i lár géarchéim tithíochta freisin.

Bíodh athruithe ar líon na mic léinn ina chonspóid ag an Tríonóide le fada. Ba cheart don Choláiste cúrsaí a chur in eagar go cúramach chun bhreith cinnte nach dtéann a seirbhísí in amú de bharr an t-ardú seo ar líonn na mac léinn.