Comment & Analysis
Eagarfhocal
Dec 22, 2021

Agus a Céad Théarma Críochnaithe, ba Cheart do Linda Doyle a Machnamh a Dhéanamh

Bhí forógra Doyle bunaithe ar chur chun cinn trédhearcachta agus chomhoibrithe sa Tríonóid.

Leis an mBord Eagarthóireachta

Cibé súil a bhí an an bPropast Linda Doyle dá chéad théarma in oifig, ní dócha gur tharla a raibh ar intinn aici. Idir mí Lúnasa agus anois, bhí réimse leathan fadhbanna paindéime ag an Tríonóid – ó mhic léinn ag tabhairt amach faoin athoscailt mall go teannas maidir le sláinte ar an gcampas – agus roinnt fadhbanna cumarsáide a bhí ró-chosúil le cur chuige gnáthúil a réamhtheachtaí.

Gheall Doyle athruithe radacacha, agus is cinnte go raibh roinnt athruithe ann: maidir le riarachán, thug sí spás do ghach duine ag an mbord mar a gheall sí – rud amháin nár rinne Prendergast agus a raibh sé cáinte dá bharr. Ach bhí cúpla conspóidí tipiciúla de chuid na Tríonóide ann sa téarma seo: droch-láimhseáil dúnta an Áiléir Eolaíochta, an náire a bhí ann an Tríonóid Thoir a chur ar laghad, agus an chonspóid faoin Leabhar Cheanannais.

Is tubaiste cumarsáide a bhí i gceist leis an Áiléar Eolaíochta. Gheall Doyle trédhearcacht, ach níor labhair an Coláiste go poiblí tar éis teacht amach scéal an Áiléir ón Business Post – freagra cosúil lena raibh ag Prendergast. Tá idirbheartaíocht ar siúl sa chúlra leis an rialtas, agus mar sin tá seans ann go mairfidh an tÁiléar beo as, ach caithfidh go raibh freagra níos fearr ann chun airgead an Áiléir a shábháil.

ADVERTISEMENT

Rud amháin suimiúil atá ann ná – seachas agóid amháin in aghaidh léachtaí ar líne – níor fhreagair mic léinn na baill foirne tuislí Doyle mar a d’fhreagródh siad Prendergast. B’fhéidir go bhfuil Doyle i bhfad chun cinn i gcomparáid le haonaracht Prendergast, d’ainneoin a chuaigh in amú an téarma seo. Tá a fís ina bhfuil an chuid is mó de pháirtithe leasmhara ar an mbord – fiú mura iad go léir atá ann – ag dul i gceart anois. Ach fós níl fios an mbeidh sí ag cloí le rudaí eile óna forógra – cosúil leis an gColáiste a chur ina áit fhoghlama i ndáiríre ar leith.

Cinnte, níl ach cúpla mí curtha isteach ag Doyle as téarma 10 mbliana: tá an chuid is mó den Choláiste ag thabhairt spás di sula ndéanfaidh siad ionsaithe móra ar a riarachán.

Mura bhfuil Doyle chun gníomhú mar a gheall sí, ní léir sin go fóill. Ach fiú más tréimhse chairde atá sa téarma seo, tá sé deacair a fheiceáil an mbeadh a leithéid seo d’fhoighne fós ann má tharlaíonn conspóidí mar seo a chéad téarma eile.