Comment & Analysis
Eagarfhocal
Dec 18, 2016

Chun Ár gCóras Oideachais a Chaomhnú, Caithfimid Aird a Thabhairt Dá Athruithe

Tá athrú mall ag teacht ar Choláiste na Tríonóide. Is gá cinnitiú gur cuimhin le mic léinn nua ré roimh thráchtálaíocht agus tobhaigh.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

In agallamh a rinne sé le déanamh le The University Times, rinne an Propast Patrick Prendergast athrá ar fhocail Edmund Burke: “Tá stát gan cumas athraithe gan cumas a chaomhnaithe féin.”

Is in idirthréimhse, gan amhras, atá an Coláiste. “Ní inár gcodladh a aimsíodh muid” atá chomh maith i measc frásaí Prendergast. Tar éis cúpla bliana, déanfar ceann dena foirgnimh is mó sa chathair de Theach Oisín, agus ag Duga na Canálach Móire, beidh an Institiúid E3 mar thús campais nua a bheidh ag an gColáiste. Ag tús an tsamhraidh ata amach romhainn, beidh ionad cuairteoirí i dTeach an Rialóra agus Coláiste na Tríonóide ag iarraidh níos mó turasóirí a mhealladh.

Tá athrú ag teacht ar chultúr Coláiste na Tríonóide ina theannta. De bharr iarrachtaí nís suntasaí tráchtálaithe, is dócha go mbeidh níos mó ceolchoirmeacha ar siúl sa Choláiste an bhliain seo chugainn. Cé a fhios acu cé a bheidh ag tairiscint chun cearta aimnithe Tí Oisín agus foirgneamh eile ar champas a cheannach?

ADVERTISEMENT

Agus foirgnimh níos mó á thógáil agus uaillmhianta níos mó á chomhlíonadh, tá roinnt daoine ag iarraidh plean caomhnaithe – bunreacht de shaghas éigin a chosnódh agus a chaomhnódh campas an Choláiste roimh an bhforbairt seo.

Ní i gcónaí a bhíonn rath ag mic léinn maidir leis an bhféinchaomhnaithe seo – is beag comhchuimhne atá ann ar ré roimh fho-mhaoiniú agus roimh chiorruithe. Tar éis cúig bhliana, is an gnáthrud a bheidh i dtráchtálaíocht. Ní bheidh ionadh ar bith i mBanc na hÉireann ag smachtú spáis mac léinn. Ní cheisteoidh éinne Ionad na Mac Léinn Denis O’Brien. Is beag an méid mic léinn a bheidh ag dul isteach sa Choláiste i Meán Fómhair a chuimhneoidh ar thréimhse inar raibh cárta mac léinn níos saoire ná €20.

Tá sé sin níos tábhachtaí fós agus Coláiste na Tríonóide agus an t-ardoideachas ag athrú. Níl sé cothrom go bhfuil sé ar ollscoileanna leapacha a ghlacadh ar cíos ó iostas príobháideach mar níl go leor airgid acu iad a thógáil dóibh féin. Ach, tar éis cúig bhlaina, is dócha nach mbeidh mic léinn in ann cuimhneamh ar ré roimh tháillí, tobaigh agus iasachtaí mar ghnáth-ghneithe den chóras.